AN tOCHTMHADH hALT.
Reading edition
AN tIARLA.
D’fhágamar Cormac ar a leabaidh go tréith le fiabhras. Do rinneadar muinntear an tighe gach ar bh’fhéidir leó chum a leighiste is a thabhartha chum cinn. Do bhí eagcruas trom air, do ghoill fliuchán is trosgadh an lae úd air, is go mór-mhór an t-anaithe do cuireadh air i lár na hoidhche amhail adubhramar cé gur imthigh cuimhne an ghníomha soin ar fad as a mheabhair. Ar feadh roinnt laethe do bhí spiriodaidhe air, is bhí sé do ghnáth ag unfairt ’san leabaidh. Bhí a chomhrádh do ghréis ar chúis a thíre, ar fheall na n-eachtrann, is ar mhilleadh na Mumhan. Do labhair sé go minic ar an Iarla is ar na Gearaltachaibh i gcoitcheann. D’éisteadar muinntear an tighe go haireach le gach ar chuir sé mar sin tré chéile ’na mhearbhall, is b’fhollas dóibh go raibh sé go sealbhuighthe ar thaobh na nGearaltach. Ba mhinic do rith a aigneadh ar a athair is ar a mháthair, is ar bhreághthacht na háite i n-ar chaith sé bliadhanta na hóige, is maidean áirighthe tar éis oidhche trioblóidighe d’aithris sé d’fhear an tighe an aisling seo:—
AISLING CHORMAIC UÍ CHONAILL.
RADHARC AR CHILL ÁIRNE.
Do shuidheas ar shliabh, fó ghrian ro-ghléineach,
Bhí lóithne giar aniar ag séideadh,
An fraoch bhí úr ó dhrúcht na spéire,
Do líon go dlúth gach cuas dá bhraonaibh;
56I gcian im’ chluais bhí fuaim gan faoiseamh;
Ó sgata uan go buan ag béicigh,
Ó shluaightibh bán-mhionnán ag pléireacht
Ar feadh mo radhairc i n-adharc a chéile;
Bhí glór ba bhinn lem’ chroidhe ag éanaibh,
Do bhainfeadh a sgíos do’n inntinn chéasda.
Guth na bfiadh go dian ag léir-sgread,
Is céad macalla dá bhfreagairt gan aon tsost.
Do chuala i n’fhochair sin fothram céad sruth
Gá stealladh go tuínn tar dhruim gach sléibhe,
Go neartmhar phreab gach eas i n-éinfheacht,
Ag sgaipeadh fras i bhfad ’s ag spréachadh;
Chím im’ thimcheall míle maol-chnoc,
Ag sáthadh a gceann go teann ’san spéir ghlain;
I gcian uaim thíos bhí coillte aerigh,
Stothadh ar a gcinn síorraidhe le gaothaibh;
A gcroinn ’s a gcochaill ag cogar le chéile,
A nduilleabhar borb gan fochall i n-aonchor.
Do leath mo shúil anonn tar Léan-loch
Do bhí neamh-chiúin i gclúid an tsléibhe,
A thonna ar mire go crithneach ag taosgadh,
Mar a bheith coire ar theinidh ag sgéitheadh amach,
Ag fiuchadh ’s ag bruighin ag rinnceadh is léimrigh
Ar bhruach gach inse míne géar-ghlais’.
Do luigh ’na bhrollach neamh-shocair go néamhrach,
Mar chodlóchadh leinbh go miochair fó éadach;
Ba mhinic na ndáil tig sgáil na néalta,
Ag fás ’s ag feachadh ’s ag sgaipeadh gan traochadh.
Ba gheal le solas an mothar ar thaobh Thuirc
Ar chaisleán Rosa bhí lonnradh na gréine,
Do las an talamh le taitneamh gan éislinn;
Ní raibh ceó ná brón ar aon rud,
Ó Mhuc-ros úr go Com na gcraobh gcas.
57Do gheit do rith an chith ó néalaibh,
Bhí fothram tóirneach foirneart éachtach,
Do chrith an talamh, do lasadar spéartha,
Do rith an lasair thré shleasabh na sléibhte,
Do thuit an fhearthainn ’na freasaibh ar Léan-loch,
Do luigheadar sgamaill ’na srathaibh ar thaobh Tuirc,
Do cheil i bpian an ghrian a héadan,
Bhí coimheasgar catha le hanaithe ag éanaibh,
Do leath an ceó dubhrónach daol-dubh
Ar tuinn ar talamh ’s ar leacain na maol-chnoc.
Do bhíodhgas suas óm’ shuan gan faoiseamh
Le doilbh-chroidhe brúighte, múchta i ndéaraibh;
A bhfeaca im’ shuan ba thuar ar Éirinn
Is ar a milleadh ’sa sgriosadh le faolchoin.
Tar éis coicthighise tháinig sé chuige féin, is ar dul i bhfeabhas dó tháinig cainnt is greann chuige. Bhíodh muinntear an tighe ag aithris dó éachta an chogaidh, is an t-éirleach do rinneadh le neart faobhair is teineadh ar thighthibh is ar ghortaibh arbhair. D’éist sé go fonnmhar leis na sgéalaibh sin. Ar dtúis d’fhair sé air féin, thug sé iarracht ar bheith deiscréideach ar eagla go ndéarfadh sé aon ní do sgéithfeadh air, mar ní fheadair sé fós go cinnte ciaca taobh lér bhain muinntear an tighe sin. Acht nuair aithristí dhó bruighne, coimheasgair, tóir, réabadh, briseadh, gníomhartha faobhair is feill, do thagadh baill-chrith neamh chuibheasach air, i gcás gur dhóigh leat go raibh sé i lár an chogaidh is muinntear na Bainríoghna ’na dtreasaibh ós a chomhair i ngiorracht iarrachta dhó. Tar éis foillsighthe mar sin dó an taoibhe do thógfadh sé ’san gcogadh ní raibh amhras feasda ag 58muinntir an tighe air, is cheapadar ó shoin amach gan sgáth a bheith roimhe aca, acht fá mar a bhaineadh sé le n-a gcomplacht féin.
Do stiúruigheadh isteach ’na ’sheomra, lá, fear aosda, duine muinnteardha d’fhear an tighe adubhradh leis, lér bh’áil é d’fheicsint is caidreamh do bheith aige air. Do sheas sé go hárd. Níor mhórán do lúb na bliadhanta é; bhí a chuid féasóige liath go leór, is bathas a chinn nochtuighthe ar fad. Bhí ughdarthás is mandacht ’na ghnúis. Níor bhain aois ná buaidhirt ná anró a lán-sholas lonnrach dá ríogh-rosgaibh. Do lasadar tré ghruadhnaibh fuirighthe, feóidhte, liath, mar réilteanna tré sgamallaibh na hoidhche. Bhí a chuid éadaigh go neamh-fhuinte, neamh-fháisgighthe air; is ní raibh comhartha lasmuigh ar a mbrathfaidhe go raibh caidreamh aige ar threasaibh na n-arm. Ba bhlasda, binn, milis-bhriathrach a úrlabhra.
Do bheannuigh sé go céileamhail do’n óglách; do shuidh go muinnteardha le n-a ais, is do luigh sé ar sheanchaidheacht leis go lán-chneasda. Ar dtúis do thrácht sé ar an dtír i gcoitcheann, is ’na dhiaidh sin do tharraingeadar chuca dála an chogaidh. D’innis an seanduine sgéal an choimheasgair do bhí go déidheanach ann leis an oiread soin feidhme gur las súile an ógánaigh le díoghrais, is go ndubhairt: “Agus an bhfeacais féin na bearta soin?” “Do chonnac, go deimhin,” ar an seanduine. “Agus cionnus d’fhéadfá iad d’fheicsint gan bheith i dtreasaibh na n-arm tú féin?” “Acht bhíos féin ann.” “Ní dóigh go raibh fear chomh haosda leat-sa i ndálaibh bruighne.” “Is iomdha bliadhain damh-sa anois ag deargadh mo lámh i mbruighin.”
Do rinne dian-mhachtnamh chomh géar-chúiseach soin Cormac ná raibh a thuilleadh uaidh agus is tapa d’fhiosruigh: 59“An tu Iarla na Deas-mhumhan?” Gan moill d’fhreagair an seanduine, “Is mé an tIarla.”
Ba dheacair le foillsiughadh na smuainte do rith tré mheabhair an óglaigh ar chloisint an t-admhughadh soin dó. Do bhí anois ós a chomhair an té le n-a raibh súil aige chum ceasnaimh a dhúthchais do réidhteach. Do bhí os a chomhair polla do’n phríomh-fhuil ó’n nGréig, fear calma cródha, fear do rug ar a chuid airm go neartmhar fad do bhí na bliadhanta ag fuaradh a chuid fola, is do sheas i n-aghaidh a námhad i gach muing is sliabh i g-Cúigeadh Mumhan, fear do lean do’n chogadh tar éis chealgtha a bhráthar is a mhilleadh le beartaibh feill, fear nár chlódhadh riamh fós is b’fhéidir ná clódhfaidhe. Is fuar neamh-bhríoghmhar shamhluigheann na focail seo anois dá sgríobhadh. Acht caidé mar ar theitheadar na smuainte chialluigheann siad croidhe Chormaic an uair sin. Ba uair bhuaidhe é—uair bhuaidhe i measg buaidheartha dá mbeith fios aige—acht uair bhuaidhe mar an gcéadna. An grádh tíre is creidimh do rinne teampall dó féin ins an gcorp chríonna chaithte onórach úd, b’fhéidir go gcuirfidhe fá chois é ar feadh tamaill, acht ní fuláir dó éirghe.
Is deimhin nár aithin Chormac an tan soin an treó bhí ar an tsean-ghaisgidheach soin, acht thuig sé mar thuigfeadh fáidh cúis na tíre ar fad. Mar caidé an bhrígh saoghal nó dó i mbeathaidh tíre? Gheóbhaidh an curadh soin bás agus curadh eile ’na dhiaidh, acht luath nó mall éireóchaid meanma na ndaoine chum neamh-spleádhachais is chum saoirse. D’aithriseadh do Chormac go minic cheana conntabhairt is cródhacht an Iarla agus an rath do lean é i gcoimheasgair; acht anois ba mhian leis tuilleadh eólais d’fhagháil ó n-a bhéal féin; is dá réir sin d’fhiafruigh de go cneasda caidé an sgéal ag a bhuidhin é? an rabhadar cruinnighthe le chéile aige? an raibh an 60námhaid i ngiorracht dó? an raibh coinne aige le congnamh ó’n Spáinn? ar dhóigh leis go mbuaidhfeadh sé fa dheireadh? Do chuir sé na ceisteanna so leis an oiread soin dúthrachta go raibh iongnadh ar an Iarla. Ar dtúis thug sé iarracht ar dhul uatha, is do labhair ar an mbruighin i gcoitcheann, acht níor shásuigh sin an t-óglách. Do theasduigh uaidh eólas cinnte d’fhagháil ar an dtreó ’na raibh a chuid airm is gárda. Do b’áil leis fios do bheith aige an raibh aon súil ag an seanduine go saorfaidhe Éire ó dhubh-smacht na n-eachtrann. Do ghéill fá dheireadh dá athchuirt an seanóir is dubhairt:
“Má chaithfear an fhírinne do rádh admhuighim go bhfuil ar gcúis caillte is go bhfuil ar dtír ag dul fá smacht is an-bhruid níos déine, níos géire, ná raibh riamh i nImpireacht na Rómha. Atá éadáil mór tarraingthe ar mo cheann-sa. Do thréig mo bhuidhean mé acht uathadh beag gan bhrígh. Ní fada uaim-se an uaigh is ní’l aon’ne dom’ chinéal ullamh chum m’ionad do thógbháil. Ní bhrathaim go bhfuil aon chongnamh le faghbháil tar lear. Tá an Deas-mhumha go léir creachta millte. Ní’l fear as fiche ná fuil curtha chum báis le gorta nó le faobhar, is ní’l brígh ná meanma ’n-a bhfuil beó aca. Ní árd-taoiseach sluaigh mise feasda acht méirleach i n-aghaidh Bhainríoghna na Sagsan. Seanduine is eadh mé gan sluagh, gan buidhin, gan muinntir, gan caisleán, gan tigh, gan treabh. Ní’l agam chum mé do chosnamh ó náimhdibh acht Dia amháin, ⁊ an lámh dheas chríonda fuirighthe fann so. Acht in gach cruadhtain i n-a bhfuilim is é neartuigheann m’aigneadh go ndearnas mo dhícheall. Bhuaileas buille do chúis Dé is mo thíre fad do bhí lúth im’ bhallaibh. Do rinneas ar fhéadas chum síothcána do chongbháil acht ní síth do bhí ó na Sagsanaibh. Ba mhian leó mo chuid talmhan is mo chaisleáin do bhradughadh, is níor 61bh’fhulair dom dul ’n-a n-aghaidh, is dá chríondacht mé tar éis glacadh claidhimh dam níor sguir sé riamh lem’ ghlaic is ní sgarfaidh fad a bheidh neart im’ ghéagaibh.”
Amhail adubhramar bhí inntleacht géarchúiseach ag Cormac. Do thuig sé cúis le mire fáidhe. Is deimhin go raibh buaidhirt air i dtaobh an treó bhí ar an Iarla, acht ag éisteacht dó leis an sgéal dona deacrach úd ó bhéal an té ar ar luigh an toirmeasg go daingean, do samhaluigheadh dó go raibh alt do sheanchus a thíre ag críochnughadh i ndonas is i ndorchadas. B’áil leis machtnamh ar an chríochnughadh mhí-ádhbhrach soin, b’áil leis machtnamh ar an seanóir onórach soin os a chomhair ag teicheadh mar mhac tíre na coille ó n-a námhaid, is tré gach cruadhtan is anacra ag seasamh go dána d’fhírinne ⁊ do shaoirse.
Ag machtnamh mar sin dó—ní raibh ann acht obair nóimeint—do tháinig tocht cathuighthe ar a chroidhe, is tím-chrith neamh-ghnáthach ’na bhallaibh i gcuma nár fhéad sé labhairt ar feadh tamaill. Is maith do thuig an tIarla cad do bhí ’n-a aigneadh, ⁊ is fonnmhar do rinne sé ar bh’fhéidir chum a thabhartha chuige féin. ’Nuair do bhí a thocht curtha de ag an óglách, dubhairt an tIarla: “Caithfead-sa an áit seo d’fhágáil tar éis tuitme na hoidhche. Tá buidhean do mhuinntir na Bainríoghna ar mo lorg. Is dóigh liom go gcuardóchaid an teach so. Ní fuláir dom imtheacht. Tá roinnt fear liom i bhfad as so. Raghad ag triall ortha, is leanfad a gcomhairle. Beannacht leat, a pholla do’n fhíor-fhuil.”
Agá rádh soin dó bhí sé ar tí é phógadh, gur léim Cormac go luath-thapa is i n-ionad léigin dó é do phógadh do chaith sé é féin ar an dtalamh ag a chosaibh is d’athchuir air le tuilltibh deór nguirt é féin do thógáil i n-éinfheacht leis. “Táim láidir neartmhar anois,” ar sé, 62“cabhróchad leat ag dul trasna na sléibhte. Fanfad id’ fhochair, fairfead id’ fhochair, fulaingeóchad id’ fhochair, éagfad id’ fhochair.”
Do labhair sé na focail seo chomh dian, chomh dúthrachtach soin ná fuair an tIarla ann féin é d’eiteach. Socruigheadh eatortha ar an láthair sin go ngluaisfidís ar aon chum siubhail i dtosach na hoidhche trasna na sléibhte chum muinntire an Iarla.

63