← Table of contents
Cormac Ua Conaill

AN DARA hALT.

Reading edition

AG TEICHEADH Ó’N MBÁS.

Níor bh’fada do’n bheirt seo i gcaidreamh a chéile nó gur chuir Éamonn sgéala i ganfhios chum an Phresident go raibh sé cinnte go raibh rún mór éigin ag Cormac ná féadfadh a dhícheall mhealladh uaidh; is go n-éalóchadh sé leis, a leithéid seo do lá, dá gcuirfeadh an Phresident gasradh fear ’na gcoinnibh chum iad do thógáil go Corcaigh.

’Nuair tháinig an lá bhí ceapuighthe leó dubhairt sé le Cormac go raibh an-dúil aige sean-fhotharach d’fheicsint bhí cúig míle uatha. Chuir sin áthas ar Chormac, óir ba mhinic ag labhairt é ar an tsean-fhotharach soin, is ar an tseanchas do bhain leis; agus is grianmhar do ghluaiseadar ar aon chum siubhail an mhaidin soin; is is mór-thuillteach do sgéith cainnt Chormaic ar feadh an bhóthair ag trácht tar an naomh lér fóirghneadh ar dtúis an fhotharach, is ar an chaismirt bhi idir Ghaedhealaibh is Danaraibh ’na thimcheall. Ba sgléipeach é ag aithris fearta na nGaedheal, ’nuair chonnacadar chuca gasradh marcach ag greadadh an bhóthair go lán-luath. Do léig Éamonn air go raibh eagla air rómpa is thug sé iarracht ar theicheadh, acht do sheas Cormac go dána i n-aghaidh na námhad. ’Nuair do chonnaic Éamonn é ag feitheamh go fearamhail neamh-eaglach leis na marcachaibh do ghlac meanma, mar dh’eadh, d’fhill tar n-ais is gan mhaill do tógadh iad ar aon is do coimeádadh i ngéibhinn an oidhche sin i gCaisleán na Mainge, nó go gcuirfidhe lá ar n-a bhárach go Corcaigh iad.

13Caidé mar ar ghoil Cormac; cad iad na hosnaidhe do léig se as; caidé an tocht bróin is uabhair do tháinig air ’nuair do mhothuigh sé é féin fá smacht na námhad, is d’aithin sé go raibh broid ’na chomhair nó ní badh mheasa fós. Ní hamhlaidh bhí sé lag-chroidheach ná eaglach roimh an mbás; acht gur thruagh leis an saoghal d’fhágáil gan an obair i n-a raibh a mheón go léir do chríochnughadh. Do luigh sé ar uall, ag cásamh díthe a dhúthchais chráidhte chéasda is an chreidimh do chongaibh sí gan teimheal gan spleádhachas dá námhaid.

Le gliocas iongantach do léig Éamonn air go raibh a shamhail sin do thocht cathuighthe air féin is do thuiteadar an bheirt ar mhuinéal a chéile, ag caoi-ghol go fuigheach is go daingean. Tháinig buaidheart Éamuinn ’na mhór-thrithíbh air. “An bhfuil an sgéal mar sin?” deireadh sé, tar éis lán-thocht uaill do chur de, “Mo bhrón! is beag a shíleas go rachadh an lá orainn fá dheireadh, acht glac misneach, is beidh buaidh againn fós.” “A chara dhílis,” deireadh sé, is a chainnt ag leathadh air le neart a osnadh, “bíodh foighne agat. Tá Dia láidir, cumhachtach, daonnachtach; is eólach dó an chuma i n-a bhfuilimid. Bíodh ar muinighin as Dia.” Le n-a leithéid sin do chomhrádh do chiúnuigh sé Cormac is iad ar aon dá n-ullmhughadh féin chum dul go Corcaigh i dtionlacadh ghárda an Phresident. Is buaidheartha cráidhte doilbh do bhí Cormac cé gur cheil sé ar fhéad dá chumha. Acht dá aindheóin do sgéitheadar a osnaidhe ’s a chuid uaill ar an dhoilgheas do bhí ag crádh a chroidhe gan suaimhneas.

Lá breágh fóghmhair do b’eadh é; bhí an ghrian árd ’san spéir, is a lán do dhrúcht na maidne tiormuighthe ’nuair ghluaiseadar ar aon ó Chaisleán na Mainge. Bhí a slighe le hais sléibhte is coillte is loch áluinn Cille 14hÁirne; do las an ghrian fhóghmhair go lonnrach leacain na ngarbh-chnoc is uisgidhe na leathan-loch; bhí breacadh niamhrach, dathamhail, ag teacht ar dhuilleabhar na gcrann is na dtor is do líon guth na n-éan an spéir mór-dtimcheall le binneas ceóil. Bhí árd-sgáil na mór-shléibhte, badh dóigh leat, ag snámh ar an dtalamh íochtarach, nó ag leaghadh i measg réidh-thonnta Locha Léin. D’árduigheadar céad cnoc clúduighthe i bhfraoch riabhach soillseach a gcinn ríoghdha dána go huaibhreach mar athaigh ag tógáil comhairle ó n-a chéile is d’fhéachadar anuas ar choilltibh, ar aibhnibh, ar fhotharachaibh, ar bhailtibh, go flaitheamhail is go mórdha. Ós árd, chomh fada is shroichfeadh do radharc, do sgread an fiolar ag leathadh a sgiatháin is ag eitill go lán-mhear ó aill go cumar; ar an loch ba shuanmhar an eala ag snámh. Bhí céad sruth dá radadh féin gan faosamh tar ghuailnibh na sléibhte is dá mbriseadh féin ’na gcubhar ghléigeal i measg cairrgibh ’na slighidh. Do shéid leóithne fionnfhuar ó oileánaibh boga, úra d’éirigh go niamhrach, fíor-ghlas, tré hucht an uisge. Annso is annsúd d’fheicfeá faolchú le hulfairt ocraigh ag déanamh ar na coilltibh; do ghéim an fiadh is d’ fhreagair an macalla tré shleasaibh na lán-chnoc.

Ba radharc é do líonfadh an croidhe le háthas is do ghríosfadh an aigneadh chum dian-mhachtnaimh. Do chleacht Cormac an radharc soin ó bhí se ’na leanbh; is ní hannamh do chuir a fhíor-áilne ag tál na ndeór é. Acht anois do cheap sé ná raibh sé go deó arís chum a shúile do leathadh ar choilltibh glasa ná ar oileánaibh úra Cille hÁirne. Ar uairibh d’ iarr sé ar a choimeádaidhibh cead seasaimh óir bhí an tocht cathuighthe ró-throm ar a chroidhe. Arís is arís eile do leath sé a shúil ar an radharc do bhí os a chomhair; is ní le sásamh folamh 15an té lér thaitneamhach duilleabhar bog, glas, niamhrach na dtor is fuaim ceólmhar an uisge dá stealladh féin le dásacht ó thaobh chnuic; acht le croidhe do thuair buaidheart is donas dó féin is do’n tír do ghrádhuigh sé. Do bhrath sé go raibh a dhúthchas ar bhruach millte is daor-bhruide is do chan go fíor-uaigneach an laoidh seo:—

SLÁN LE CILL ÁIRNE.

Mo ghoin caidé an smúid seo ag dúnadh ar mo chroidhe,

Rinn’ mo bhalla neamh-lúthmhar is d’fhúig mé gan brígh,

Do ghríosuigh mo shúile le dúthracht chum caoi,

Is an sruth leachta tiugh guirt dá múchadh síorraidhe?

Caidé an smuaineadh so chlaoidheas mé ó mhaidin go neón,

Is do shior-shuaitheann m’inntinn le mearbhail bróin?

Ag cuimhneamh ar chlaoin-bheartaibh Danar is gó,

Do sgíordann mo shíth uaim gan casadh go deó.

Is gorm iad na tonna ar bhruach Locha ghil Léin,

’Sis borb iad do thora-sa, a Mhuc-rois na n-éan!

Is soilbh le cloisint é sonnadh na g-craobh;

Acht mo dhochar! is doilbh dubhach dorcha mé!

Tá an t-óg-ghéis go suainmhear ag snámh ar an linn,

Is glór glaisí ag gluaiseacht trí bhántaib ró-bhinn,

Tá leóithne ag luasgadh na ngéag n-úr ’san choill,

Acht is ró-bheag mo shuaimhneas gan áthas a bhím!

Na sáir-fhir do dhoirt a gcuid fola i dtóir,

Is i lán-threas na ngorm-chlaidheamh gortadh tar fóir—

Is sámh é a gcodladh ’s is socair fán bhfód,

Is mo chrádh is mo thurrainn ná codlaim-se leó.

16’Sé do chnead chuir i bpéin mé, a thalaimh mo chroidhe,

Is do bhasgadh gan faosamh le haicme seo an fhill,

Do ghreadadh is do réabadh le lasair is claidheamh,

Is mo chreach is mé i ngéibhinn, ’s gan cneasughadh ar do dhith.

Acht, a chara, glac meanma!—b’fhéidir le Críost

Go bpreabfadh chugainn gasradh ’on Ghréig-fhuil úd fhír,

Le feartaibh a n-arm gan éislinn, gan teimheal,

Ag treasgairt na nDanar, ’s dá léir-chur tar tuinn.

Slán, slán leat, a Léin-Loch na bhféith ngorm n-úr,

Leanfaidh áilne do sgéimh’ mé go dtéidhead-sa ’san úir,

Ná raibh cáim ar do shléibhtibh ná béim ar duilleabhar,

Ciodh fánach i gcéin mé im’ thraochadh le búir.

A thalaimh na n-éan mbinn, na gcraobh n-úr, gan tlás,

Is fada gan réim duit, gan chéim mar ba ghnáth.

Fá sgamall, i ndaor-bhroid, gan chéile, gan pháirt,

’Sé do chartadh ’s do réabadh do léanuigh mo lá.

D’fhanadar an oidhche sin i gCill Áirne; is ar maidin lá’r na bhárach bhíodar ag siubhal arís chum Corcaighe. Ar feadh an bhóthair do rinne sé buaidheart do Chormac is chuir sé mór-iongnadh air, an luighead do mheabhruigh na daoine an dlúth-thuirse bhí rómpa, is méid a n-áthais ’nuair d’amharcadar gasradh an Phresident, is ’nuair chualadar an buaidh bhí leó go déidheanach. Do chuaidh a ngártha ’s a sgreadaigh tré n-a chroidhe mar bhiorghaoithe. Bhí eólas cinnte ar mhuinntir a dhúthchais féin aige, is níor chreid go raibh grádh aca ar smacht na nGall do thugadh masladh laetheamhail dá gcreideamh; is bheartuigh sé i n-a aigneadh gurab é seo brígh bhí leis an 17lúthgháir sin: “Ní féidir linn slabhradh na n-eachtrann do bhriseadh, is uime sin is cóir dhúinn cur suas leis, chomh maith is d’fhéadfam.”

Bhí milleán aige orra i dtaobh a n-easbaidh meanman is misnighe lé’r mheasadar nár bh’fhéidir leó slabhradh a ndaoirse do bhriseadh. Ba thruagh leis éisteacht le muinntir Charrthaigh, le muinntir Chaoimh, le muinntir Dhonnchadha, ag liúirigh do’n Phresident go guth-árd is go déadla, cé gur bhrath sé gur fhuathadar ’na gcroidhthe é féin is an Bhainríoghain do chuir chuca é, is ag labhairt go nimhneach neamh-thruaighmhéileach i gcoinnibh an Iarla úd do sheasaimh go fearamhail i n-aghaidh na nGall.

Ag smuaineadh is ag machtnamh mar sin dó, chuir duine do’n ghasraidh i n-umhail dó go raibh se i gCorcaigh—mar bhí a mheabhair ag oibriughadh chomh dian soin nár mhothuigh se an lá ag sleamhnughadh uaidh. Acht is gearr go dtug radharc na cathrach is fuaim na dtrucal chuige féin é. Do cuireadh fá ghlasaibh láithreach an bheirt i gcathair Chorcaighe.

Fad do bhíodar ar aon i bhfochair a chéile fá chomairce an Ghearaltaigh do bhrath Éamonn ar chomhrádh Chormaic amhail adubhramair go raibh rud éigin ar bun ag na Gearaltachaibh, go raibh súil aca go raghadh an lá ar na Sagsanaibh go athchumair, is go raibh congnamh éigin nár thuig sé ’na ngaor; acht níor fhéad sé a thuilleadh eólais d’fhagháil uaidh, dá mhéid a ghliocas. D’innis se do’n Phresident ar aithin sé, is do rinne seisean mórán do’n eólas soin. Is é a shíl sé go rabhadar ag feitheamh le cabhair ó dhúthaigh éigin tar lear, is gur gheárr go mbeadh neart aca cogadh dian díoghbálach do chur ar aghaidh. D’orduigh sé Cormac ’na láthair, is cheistigh é i dtaobh rún-chomhairle na nGearaltach, acht níor fhreagair Cormac focal dár fhiafruigh sé dhe. Do 18bhagair sé pianta géara aithiseacha air, acht ní raibh brígh ’na ghlór. Níor bhain an trom-bhagairt sin gíog as. Fá dheireadh bhí briseadh ar an bhfoighne ag an bPresident go mór-mhor ó tháinig gach lá sgéala níos measa ’ná a chéile ó Chúigeadh Mumhan; is dhearbuigh sé go gcaithfeadh an t-óglách sgeitheadh ar rún-chomhairle na bhflaith nó bás aithiseach d’fhulaing.

I measg na gcoimeádaidhthe bhí fear do mhuinntir Chaoimh—Diarmaid ba hainm dhó-agá raibh báidh mhór le Cormac. ’Nuair d’airigh sé ordughadh an Phresident do cheap sé a dhícheall do dhéanamh chum é do shaoradh; fiú a anam do thabhairt ar a shon, dá mbeith gábhadh leis. ’Nuair do bhí sé ag dul i n-athchumaireacht do’n lá i n-a raibh Cormac le crochadh do leig sé air gur bh’fada leis uaidh an lá soin i n-a dtabharfaidhe ar an gcladhaire ógláigh sin an ídeadh do bhí ró-thuillte aige. Ar maidin an lae úd do chuaidh sé go moch go beag-árus an óig-ghéibhligh chum a lámha do cheangal.

Ar feadh na haimsire seo go léir shíl Cormac ná raibh aon chaoi éalóidh aige is do bhí se lán-shásda bás d’fhagháil; is ’nuair d’osgail Mac Uí Chaoimh doras a bheag-áruis, an mhaidin soin, ba thruaighmhéileach an radharc ar ar luigheadar a shúile. Bhí an géibhleach ar a ghlúnaibh ag guidhe go ciúin is go socair. ’Nuair d’airigh sé an doras dá osgailt, is an fear ag teacht isteach, d’iompuigh se a cheann is adubhairt. “’Seadh, thángais chum cabhrughadh liom le haghaidh mo bháis. Ní’l cathughadh orm go bhfuilim ag dul ar an saoghal eile, acht admhuighim go bhfuil brón is duairceas orm i ngeall ar anacraibh an tsaoghail seo. Is iomdha obair mhaith do cheapas a chur chum cinn acht anois, fáiríor géar, tá deireadh lem’ chuid oibre go bráth.”

“Lean mo chomhairle-se,” ar Mac Uí Chaoimh “agus i 19gcionn uaire do chlog béarad saor ó’n ngéibhinn seo thu; acht caithfir bheith ullamh is gan léigean do smuaintibh don tsórt soin teacht ’nar gcoinnibh. Táim-se chum do lámha do cheangal, acht chidheann tú go bhféadfair an ceangal so do bhriseadh acht é do bhualadh i gcoinnibh na talmhan nó earraidh éigin chruaidh; beidh doras na háite i n-a bhfuil an chroch gan glas. Ar bhagairt uaim-se, bris do gheit ceangal do lámh, is teich chomh mear is is féidir leat go dtí an doras. Rachad-sa ar tóir ad’ dhiaidh, gan amhras, agus ’nuair bhéad ar an dtaobh ’muigh do’n doras dúnfad é i dtreó na beidh sé réidh le hosgailt im’ dhiaidh; is dá réir sin béidh an fiadhach ar fad eadrainn féin ar dtúis; is ’nuair bheimid tamaill maith ó’n gcathair béarad tuilleadh orduighthe dhuit.”

Chuir an chainnt sin mór-iongnadh ar Chormac, acht d’aithin sé ar imtheacht is ar fhéachaint an fhir eile go raibh sé dá rírib, go mórmhór ’nuair do chonnaic sé go raibh an ceangal mar adubhairt sé, is d’fhill a mhór-dhóchas na thuile ar a aigneadh; do b’éigin dó síneadh ar an dtalamh le lagachar; bhí gach orlach dá chorp ar ballchrith, is do rith caise deór ó n-a rosgaibh. Níor thaise do’n choimeádaidhe féin; do mhúch a chuid osnadh a urlabhra; níor fhan táthadh ’na bhallaibh is do thuit sé ar nós leinbh bliadhna, le neart a chumhadh.

Bhí crochadh chomh coitcheann soin i gCorcaigh an tan soin nár bhailigh mórán daoine chum féachaint ar bhás Chormaic. Níor mhór an t-iongnadh do rinneadh de. Acht do chuir an President sgéala chuige go bun na croiche go maithfidhe dhó dá sgéithfeadh sé ar rúnaibh na nGearaltach. D’fhéach Cormac ar an teachtaire go tarcaisneach is badh dhóigh leat ar a chainnt is ar a fhéachaint go raibh rún éigin aige badh mhór a b’fhiu. 20Acht má bhí ba léir do’n teachtaire go gcoingbheóchadh sé greim air, is d’imthigh sé air go neamh-shásda. Bhí gárda mór-dtimcheall ag faire go caoitheamhail a raibh ag dul ar aghaidh. Bhí a gcroidhthe níos mó leis an ngéibhleach ná bhraithfeá, acht b’éigin dóibh fanmhaint socair is gan a gcuid truaighe do thaisbeánadh ós comhair na ndaoine. Má bhí fear ann agá raibh mac ’san mbaile i ndeallradh Chormaic is dearbh gur ghoill an radharc soin air, acht b’éigin dó a shúile do thiormughadh i ganfhios, is léigean dá chumha brughadh ar a chroidhe féin.

Thug Mác Uí Chaoimh an géibhleach go bun an sgáláin, is ba bheag nár mhithid dó bheith ag dul i n-áirde mar do bhí an sgálánach go neamh-fhoighideach ag feitheamh leis. Do bhagair an coimeádaidhe ar an óglách is d’iompuigh uaidh chum féachaint an raibh na cláir curtha go daingean i dtalamh. Do gheit, d’airigheadh fuaim iarainn; bhí an ceangal sgaoilte, is Cormac ag déanamh ar an doras ’na lán-rith! Mar bhéadh draoidheacht air, do ghéill an doras dó, is do phreabh se amach is as go bráth leis. Do lean an coimeádaidhe é, is níor ghábhadh dhó léigean air go raibh deabhadh air, mar ba mhire Cormac ’ná a dhícheall. Mar do ceapadh leó do dhún sé an doras ’na dhiaidh i dtreó ná féadfaidhe é d’osgailt gan moill.

’Nuair do bhíodar tuairim le dhá mhíle ó’n gCathair do ghlaodhaigh an Caomhach chum Cormaic gan rith chomh mear soin óir bhí sé féin geall le bheith traochta, is a aghaidh do thabhairt soir ó thuaidh ar feadh tamaill. I gcionn míle eile dubhairt sé leis stad is ag féachaint timcheall dóibh chonnacadar, nó shíleadar go bhfeacadar, foireann mharcach ag teacht ar a lorg go lán-tapa. Gan maill nóimint do shleamhnuigheadar isteach i sgioból is le dréimre do phreabadar ar lochta ag 21tarraing an dréimre ’na ndiaidh. Chuadhadar go daingean i bhfolach i bhféar úr do bhí ar an lochta.

Níor chian mar sin dóibh fá anaithe is bualadh croidhe ’nuair d’airigheadar fuaim na gcapall is láithreach do stad buidhean marcach os comhair an tighe le n-ar bhain an sgioból. Chuaidh na marcaigh isteach is do chuarduigheadar an teach ó bhun go bárr gan tairbhe ar bith. Ní raibh istigh an tan soin acht sean-bhean bhodhar na féadfadh tuairisg do thabhairt dóibh ar aon’ ne. Fá dheireadh thángadar go dtí an sgioból is bhí deallramh neamh-dhíoghbhálach ar gach uile ní ann. Bhí gach ní go socair is go ciúin acht croidhthe na bhfear ar an lochta. “Ní’l siad ann so ar aon tslighidh,” ar duine do’n ghasraidh, ag géar-infhiúchadh an tseomra dhorcha úd. “Táim cinnte go bhfuilid ins an tigh sin amuigh,” ar duine eile aca, “nach dtugabhar fá deara an sgannradh bhí ar an tsean-chailligh úd, ar eagla go mbéarfaidhe orra?” “Is cuma liomsa soin,” ar fear eile, “do chuarduigheamar an teach soin go mion, cheana, is ní aon maith dhuinn dul níos déine air. Imthighmís orainn, b’fhéidir go bhfuilid romhainn.” Ar an bhfocal soin do chasadar tar n-ais; is i g-cionn dó no trí neómantaidhe bhíodar as éisteacht.

Illustration from Cormac Ua Conaill: Sgéal bhaineas le hÉirge Amach agus díth-cheannadh Iarla na Deasmhumhan (A.D. 1579-1583)

22

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings