AN CÉAD ALT.
Reading edition
AN TARNGAIREACHT.
I n-íochtar na seiseadh haoise déag nuair bhí Gearaltaigh na Mumhan ag síor-bhruighin le Bainríoghain Sagsana, do bhí buachaill óg ag gabháil an bhóthair idir Chill Áirne is Chaisleán na Mainge ’na shuaimhneas ó sgoil. Do bhuail fear sgoth-aosda i gcló bacaigh uime, is do labhair leis. Ba mhinic cheana do chonnaic sé an fear céadna i dtigh a athar, is uime sin d’aithin sé a ghnúis is a imtheacht, acht níor b’eól dó a ainm. “’Seadh, a Chormaic Uí Chonaill,” ar an fear aosda, “an bhfuilir ag teacht ó sgoil?” “Táim,” ar Chormac. “Tá áthas orm go bhfuilir ag sgrúdadh léighinn; gheóbhair, geallaim dhuit, gnó dhi fós, is bhéarad-sa rud éigin duit ar a bhféadfair do chuid léighinn do chur chum críche.” Tar éis na bhfocal soin do rádh do’n tseanduine, d’aithris sé dó nó trí líne do rann le mire i n-áirde a chinn ’s a ghotha, i gcás gur chuir sé iongnadh mór ar Chormac, is gur infhiúch an buachaill é ó cheann go talamh ar feadh tamaill.
“Innis dam anois, a bhuachaill léigheannta fháith-chliste,” ar an seanduine, “an dtuigeann tú na briathra soin?” D’fhreagair Cormac gur aithin sé 2beagán focal dár labhair sé acht nár bh’ar fóghnamh do thuig sé cia brígh bhí leó. “Tiocfaidh an ní seo go léir chum cinn le linn do shaoghail-se,” ar an seanduine, “⁊ fós coimhlíonfair féin mórán de.” Iar gclos na bhfocal soin dó, chuir Cormac breis suime ’na bhriathraibh, is do cheap sé rún na rann soin do chraoibhsgaoileadh dá mb’fhéidir. Ar an inntinn sin d’athchuir ar an tseanduine fíor-bhrígh na bhfocal do chur i n-umhail dó. Ar dtúis d’eitigh an seanóir go dána é, acht tar éis móráin tafaint d’aontuigh na focail do sgríobhadh i nduilleóig fholaimh bhí i measg leabhar an bhuachalla agus an sgríbhinn do thabhairt dó. D’fhair Cormac le mór-iongnadh, is ní gan faitchíos, an lámh chnámhach, thana, fhada úd an tseanduine ag sgríobhadh go mall is go socair an rann so:—
“Gaisgidheach oirdhearc leagtha le feall,
Oighreadh aithiseach taca na nGall,
Curadh ag a cháirdibh ceangailte i bpoll,
Críoch le treibh tar tuinn anall.”
Tar éis a chríochnuighthe dhó do thug sé an páipéar do’n bhuachaill is do chuir an cnoc amach de mar dhuine ar ghealtaigh.
Do bhí an sgríbhinn rúnach so anois ’na sheilbh ag Cormac, is ní sásda bhí a aigneadh go mbeadh fios bríghe na bhfocal soin aige. Do thuig sé ó chomhrádh an tseanduine gur bha tarngaireacht éigin iad is ba mhinic roimhe sin do chuala sé tarngaireacht ar ionnarbadh na Sagsan as Éirinn; is anois do chreid sé gur do’n ní chéadna do thagair na focail:
“Críoch le treibh tar tuinn anall.”
Do réir an chraoibhsgaoilte sin, do bhí sé féin chum bheith ’na fhear chumhachtach ag ruagadh na Sagsan tar tuinn. Do chuir smuaineadh na neithe sin sgleóndar neamh-chuibheasach 3air. Do lasadar a shúile le huabhar. Is dearbh ná raibh aon chaoi aige fios cinnte d’fhagháil ar an chuid eile do’n tarngaireacht is nár bh’eól do cia arbh’ iad na fir dár thrácht an rann rúnach úd, is go deimhin ba chuma cia’rbh’ é an curadh allmhurach do millfidhe dá dtabharfadh a oidheadh saoirse is síothcháin chum talmhan Éilge.
Cad iad na smuainte do rith tré n-a aigneadh ag dul a bhaile dhó an tráthnóna soin? Is uaibhreach árd-aimneach do chuimhnigh sé ar an ghlóir do bhí le fagháil aige. Is tapa croidhe-luaimneach do chuir sé an bóthar dhe. Is minic do léigh sé an rann úd, is do mhachtnaimh ar an bhrígh do bhí léi go soilbhir, lán-tsásda leis féin is leis an domhan uile. Ar uairibh, amhach, do thagadh trom-thocht cathuighthe ar a chroidhe, is do ritheadh an fhliche ó n-a rosgaibh i gcaisíbh ag cuimhneamh dhó ar a athair bhocht ná béadh ’san mbaile roimhe, ná feaca sé le fada, is do bhí, dar leis, claoidhte le Gallaibh. “Dá mbeith m’athair anois romham,” ar sé leis féin, “caidé an t-áthas do chuirfinn ar a chroidhe leis an sgéal so! acht, fáiríor, ní fheicfidh sé go brath saoirse ar dtíre ná neamh-spleáchas ar gcreidimh!”
Do chaith sé an chuid eile do’n lá soin go ciúin ag machtnamh leis féin is níor leig sé air le muinntir a thighe go raibh aon ní ag déanamh buaidheartha dhó ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, is go gcoingbheóchadh sí ’san mbaile é gan chaoi do bheith aige an tarngaireacht do choimhlíonadh.
Ní hiongnadh gur chuir an t-óglách an oiread soin spéise ’san rann chrúna úd; do bhí a inntinn aibidh le léigheann is le machtnamh; do léigh sé le díoghrais seanchas na hÉireann is an éagcóir do rinneadh uirthi le Gallaibh; do léigh sé na bruighne do bhí idir 4na taoisigh Gaedhealacha is do thuig sé go soilléir cad do bhí ar siubhal ag na Sagsanaibh an tan soin. Do thuig sé gur fhuathadar na taoisigh Gaedhealacha a chéile níos mó ná d’fhuathadar na Sagsanaigh is gur mhian leis na Sagsanaibh an creideamh Catoiliceach do dhíochur ar Éirinn dá mb’fhéidir. Dá óige é, do bhí súil aige le fada go bhfeiceadh se a dhúthchas saor ó bhruid na nGall, is do chuir an tarngaireacht so an oiread soin misnighe air gur léim a chroidhe le háthas.
An tan sain do bhí ainm Éilíse cumhachtach ’san tír, is ba dhána an taoiseach do leómhfadh dul ’na haghaidh. Uime sin; gidh go raibh a lán mion-chogadh idir na flathaibh Éireannacha féin is annamh d’éirigh aon ’ne aca amach i gcoinnibh na Bainríoghna nó i gcoinnibh a duine ionaid. Dá n-éireóchadh taoiseach éigin ’na gcoinnibh do chaithfeadh sé coimheasgar le muinntir na hÉireann chomh maith le muinntir na Bainríoghna. Go deimhin is na neithibh do bhain le cogadh ba bheag le radh Éire mar dhúthchas coitcheann do chlannaibh Gaedheal is do na flathaibh Gaedhealacha; is, gan amhras, do lean na daoine a bhflatha. B’é Iarla na Deasmhumhan an taoiseach ba mhó misneach is preab chum seasaimh i n-aghaidh na nGall dá raibh i nÉirinn an tan soin. B’é do b’fheárr chum sásaimh do bhaint díobh ar na hachmhusánaibh do chasaidís go coitcheann leis an gcreideamh Catoiliceach. Do bheartuigh Cormac, ní nach iongnadh, gurab é an tIarla féin nó duine éigin dá phór do choimhlíonfadh an tarngaireacht. Acht bhí fhios aige go raibh an tIarla ró-aosda is nach ar fóghnamh do bhí a éirghe amach ag dul chum cinn. Do chuimhnigh sé láithreach ar Sheaghán, dearbhráthair do’n Iarla. Bhí a fhios aige gur ró-aibidh an inntinn do bhí ag Seaghán gur bh’ fhear coráisteamhail urrudhasach é, gidh ná feacaidh 5sé riamh é. Ba mhinic cheana do mhianuigh caidreamh do dhéanamh air, acht anois do shíl sé ná raibh slighe ar bith eile chum a chuid féin do’n tarngaireacht do choimhlíonadh acht spionnadh is misneach do chur ar an laoch oirdhearc úd, is gur tré chabhair is chomhairle Sheagháin is fá n-a chomairce do basgfaidhe is do ruagfaidhe na Sagsanaigh ar fad as fódaibh Fáil.
Ar an ádhbhar soin, ’sé comhairle do cheap sé dul gan maill ag triall ar an nGearaltach cibé áit i n-a raibh sé agus a rádh leis go raibh sé féin ró-ullamh a thoil sin do leanmhaint agus a innsint dó chomh cinnte is d’fhéadfadh, gan fios na tarngaireachta do thabhairt dó, an t-ádhbhar fá deara gur leath a chroidhe air le dóchas agus gur bhrath sé go mbuaidhfidh seisean gan amhras fá dheireadh, agus gur le n-a chabhair is le n-a chéadfaidh is le cródhacht a chuallachta do cuirfidhe ionnarbadh is sgaipeadh, gan bailiughadh, gan filleadh, ar Shagsanachaibh as talamh chráidhte na hÉireann.
Ar eagla go gcuirfeadh a mháthair cosg air, dá n-inneósadh se dhi cad do bhí ceapuighthe aige, do leig sé air go raibh sé ag dul ar cuairt chum duine muinnteardha do bhí ’na chomhnaidhe leastiar ag a raibh leabhar láimhe gur mhór a b’fhiú, is do gheall dó é chum é d’ athsgríobhadh. ’Nuair do bhí amhras a mháthar curtha dhe leis an sgéal soin do ghluais chum siubhail fá dhéin Chaisleáin na Mainge óir d’airigh go raibh Seaghán an Ghearaltaigh ag gabháil na sligheadh sin ó’n Daingean le sluagh mór cumachtach do bailigheadh ins na dúthaighibh iasachta. Dó nó trí mhíle ón gCaisleán do chonnaic sé ag teacht fá n-a dhéin beagán marcach. Do shíl sé, ní nár bh’iongnadh, go bhféadfadh duine éigin díobh tuairisg Sheagháin an Ghearaltaigh do thabhairt dó, acht ’na thaobh soin bhí eagla air go mbrathfaidís fáth a thurais. 6Ar an ádhbhar soin ní fheadair sé cad ba cheart dó a dhéanamh is bhí sé ag dian-mhachtnamh leis féin ’nuair thángadar suas leis.
Do labhair ceann do na marcachaibh go cneasda leis, is d’fhiafruigh dhe go muinnteardha cá raibh sé ag dul. “Táim,” ar Cormac, “ag dul tamall beag siar, acht b’áil liom bualadh um Sheagháin an Ghearaltaigh sul a n-iompóchainn chum baile.” “Ní deacair sin duit,” ar an marcach céadna, “óir atá Seaghán féin i measg na bhfear so; an bhfuil aithne agat air?” “Tá go deimhin,” ar Cormac, “acht ní tré radharc súl é. Tá taisg a cháile ar fuaid na hÉireann.” “Tá go maith,” ar an marcach; “toigh anois é as an mbuidhin seo má ’s féidir leat é.” Thug an t-óglách gan maill súil mór-dtimcheall na buidhne sin agus ag infhiúchadh go géar an té bhí ag cainnt leis adubhairt, “Is fruisde é aithint má tá se láithreach, mar ní fheicim aon’ne annso ag freagairt dá cháil acht tú féin, a mharcaigh uasail, is má tá sé ’nar measg, amhail adeirir, is tusa an fear.”
Ba ghéarchúiseach é Cormac, acht d’fhéadfadh duine bheadh maol go leór Seaghán an Ghearaltaigh do thoghadh as an mbuidhin sin mar cheann urraidh. Fear caol árd do b’eadh é. Níor chuir na bliadhanta fós cromadh ann. Do rachadh a shúile glasa, géara, doimhne thríot. Bhí ughdarthás i n-a fhéachaint. Ba thaitneamhach a ghné is ba mhilis cneasda a mhín-bhriathra.
Bhí an-áthas air gur thoigh Cormac chomh tapa soin é, as an bhfuirinn go léir, agus is grianmhar adubhairt, “Tá an ceart agat, a chara dhílis. Cad tá uait ó’n nGearaltach?” Is éasgaidh d’ fhreagair Cormac go raibh náire air labhairt le duine chomh huasal, chomh honóireach soin ós comhair an oirid sin do dhaoinibh 7iasachta. Ar chloisint sin do’n Ghearaltach d’orduigh sé do’n gcuid eile imtheacht roimhe, is do lean sé féin iad ag siubhal go mall is Cormac le n-’ais.
’Nuair do bhíodar as éisteacht na marcach, do sheas Cormac go hobann ar an mbóthar, agus, ag iompódh chum an fhir uasail, is déadla adubhairt: “Is mian liom fiafraighe dhíot, a churaidh chródha, an bhfuil se ceapuighthe agat ar dtír is ar gcreideamh do chosnamh o Ghallaibh; an bhfuil se ceapuighthe agat glan-ionnarbadh do thabhairt ar na Sagsanachaibh as iathaibh Fódla is taoisigh na Mumhan d’aontughadh is do chruinniughadh i n-aghaidh a námhad?” Bhí iongnadh mór ar Sheaghán ’nuair d’airigh se buachaill chomh h-óg soin ag cur ceisteann gcruaidh air leis an oiread soin dá ríribh. Ba léir dhó go raibh croidhe agus aigneadh an óig-fhir ar lasadh le grádh dá thír, is d’ fhreagair go mall, “A chara dhílis mo chroidhe, bhéarad m’anam is anam na ndaoine atá ag cabhrughadh liom chum mo dhúthchas is mo chreideamh do chosnamh, is chum ceart is cóir mo charad i dtalamh Dheasmumhan do shaoradh ó ghéar-airc na nDanar. Acht mo bhrón! mo thubaist! nach beagh an mhaith sin! Féach mór-dtimcheall, ná feiceann tu flatha chúige Uladh is chuige Mumhan gan beinn ar ar ngleóthaibh is gan suim i n-ar gcúis, ag faire go bhfuighbhidís greim orm-sa. Fiú ar ndaoine féin, na Róistigh, na Barraigh, is Tighearna na Lice, táid go léir dar séanadh, nó le dúthracht ’nar n-aghaidh. Ní fheicim splannc solais tré sgamall na daoirse is na ceó-bhruide atá ar leathadh ar iathaibh na hÉireann.” “’Na dhiaidh sin,” ar an buachaill, “glac meanma. Beidh iongnadh ort, acht geallaim-se dhuit go mbeidh an lá leat fá dheireadh, ciodh dubhach doilbh do sgéal anois. Bhéarthar sgeimhle is lán-ruagadh ar na Sagsanachaibh as críochaibh Éilge is ní fada go dtí sin. 8Táim deimhneach ar an méid sin, is creidim gur tusa nó duine éigin dod’ mhuinntir chuirfeas fán orra. Acht glac mar chomhartha gur dá ríribh atáim, go bhfuilim ag athchuirt ort mé a ghlacadh id’ bhuidhin i gcás go bhféadfainn cabhrughadh leat chum an obair sin do chur chum cinn. Ná fiafruigh dhíom cia an t-ádhbhar ar a bhfuilim cinnte ar an ní sin.”
Dá mhéid dúil do bhí ag an nGearaltach fios d’fhagháil ar na smuaintibh do bhí ag rith i n-aigneadh an bhuachalla ní fhuair sé ann féin é cheistiughadh mar do dhian-choisg féachaint Chormaic is fuaim a ghotha é; is thosnuigh láithreach ar thrácht tar neithibh eile. Ba ghearr do bhí a gcomhrádh ar bun ’nuair ba léir dó gur duine eólach, fáith-chliste go leór Cormac. Bhí eólas maith aige ar sheanchas a dhúthchais is ar an gcuma i n-a raibh na flatha deadhailte ó chéile, nó ag coimheasgar le chéile an tráth soin. Is lán-áthasach do gabh an Gearaltach leis é; is ní lugha an t-áthas do bhí ar Chormac féin. An tráthnóna soin do sgríobh sé chum a mháthar mar leanas:—
“A Mháthair Dhílis, a Chumainn mo Chléibh—Is uaibhreach ’s is áthasach sgríobhaim chugat sgéala maithe. Buidheachas le Dia táim fá dheireadh ar tí bheith i dtreasaibh na n-arm fá bhratach na nGearaltach ag tabhairt sgeimhle is fíor-ruagtha ar na Sagsanaibh, is ag cosnamh ar dtíre is ar gcreidimh le turrainn mo lámh, is lem’ anam, má’s é toil Dé é. Cuireann cuimhne m’athar, millte le Gallaib, náire orm ar bheith chomh mall, chomh aimhleisgeamhail, ag leanmhaint ’na chéimibh. Beidh an lá linn-ne, le congnamh Dé. Slán leat, a mháthair, a ghrádh ghil, ná gol deór, im’ dhiaidh.
“Mise do mhac ró-urraimeamhail ró-umhal,
“Cormac Ua Conaill.”
9Le hordughadh ó Sheaghán Mac Gearailt do cuireadh Cormac i bhfochair bhuachalla eile dár bh’ainm Éamonn Cléireach a chomh-aois. B’éachtach é cúrsa an bhuachalla soin. Do fágadh go hóg é ’na dhílleacht. Ó Shagsana do b’eadh a mhuinntir, is i Sagsana do rugadh é féin; tháinig sé go hÉirinn i bhfochair buidhne do chuir an Bhainríoghan anall chum na nGearaltach do ghlanadh ar an tír. Acht níor lean sé an sluagh tar éis teacht anall dó. Do mhair sé le déirc is le hobair fá mar d’fhéad sé ar feadh trí nó ceathair do bhliadhnaibh. Bhí sé glic géar-chúiseach, is b’iongantach an t-eólas do bhí aige ar neithibh na tíre. Bhí an oiread soin eólais aige ar rúnaibh na dtaoiseach gur bh’fhiú leis é féin do chur fá chomairce Phresident na Mumhan; is do ghlac an President a chongnamh ’nuair ba léir dhó go raibh eólas a ghnótha aige mar bhrathadóir.
Tar éis a ghlactha leis an bPresident bhí sé lá i gcoimhdeacht buidhne na Bainríoghna bhí ag dul ag creich ’s ag réabadh is ag losgadh fearann na nGearaltach. D’fhágadar ’na ndiaidh é, is theicheadar chomh luath is fuaradar radharc ar an námhaid. Do tógadh Éamonn gan maill, is do cuireadh i ngéibhinn é. Ar na bhreith i láthair Sheagháin an Ghearaltaigh do dhearbhuigh sé gur de nam d’fhan sé i ndiaidh na buidhne, go raibh gráin aige ar na Sagsanaibh is ar an méid do chabhruigh leó; is gur b’é bhí uaidh iad do dhíbirt ar fad as Éirinn. Do léig sé air fós go raibh croidhe-rún muinntire na Bainríoghna aige—fios a gcuid airm, fios nirt a sluaigh, fios na comhairle do cheapadar le déidheanaighe. Meallta leis na cleasaibh sin do chongaibh an Gearaltach i n-a fhochair féin é i ngéibhinn neamh-dhaingean.
Níor b’iongnadh go ndéanfadh a leithéid sin muinnteardhas le Cormac; is an chéad lá i n-ar theagmhuigheadar 10le chéile ba chéileamhail cáirdeamhail a gcomhrádh is ba mhór aca a chéile roimh sgaradh dhóibh. Do léigh Éamonn meón Chormaic go soilléir, is cheap sé gan maill dul i n-achrann ann i gcló charad is thír-grádhuightheóra; is uime sin tar éis beannuighthe dhó go blasda milis dubhairt: “Acht go deimhin, tá cathughadh orm t’ fheicsint annso id’ ghéimhleach ag an nGearaltach.” “Im’ ghéimhleach! ní géimhleach mise, nó má ’s eadh, tá mo choimeád orm féin.” “’Seadh, mar sin, ní le taobh na Bainríoghna thu?” “Taobh na Bainríoghna! cad a mheasann tu? Ní fada ó bhriseadh na foidhne agam ó luaidhis a hainm—mise le taobh na Bainríoghna! go bhfóiridh Dia orainn.” “’Seadh, gabh mo leath-sgéal. Féadfad-sa mar sin labhairt gan sgáth leat. Bhí eagla orm romhat acht chím anois go bhfuathann tú an Bhainríoghain, is teitheann mo chliabh leat ’na thaobh soin. Fuathaim-se an Bhainríoghain! Tá cathugadh orm nach rud éigin eile níos treise na fuath atá agam dhi; acht le congnamh Dé ní fada go n-éirreóchaidh maidhm eadrainn. Measaim-se a chur i n-umhail di nach féadfaidh sí masladh do thabhairt dár gcreideamh is léir-sgrios do dhéanamh ar ar ndaoinibh gan díol go searbh as.” “Gan amhras, tuilleann sí é; acht tá daoine chom holc léi ar an dtaobh so fhairrge againn; an President úd na Mumhan, is tuilleadh aca na hairmheóchainn; acht dála an Phresident dá mbeith fios agat ar na cleasaibh diabhlaidhe atá meabhruighthe aige chum na Gearaltaigh do mhilleadh!”
Níor bheag soin. Do phreab croidhe Chormaic. Do mheas se ’na aigneadh gur thosnuigh cheana coimhlíonadh na tarngaireachta. “Agus an bhfuil aithne agat-sa ar an bPresident,” ar sé. “Si, si, tá, go ró-chinnte, is tá tuilleadh le rádh agam, acht uair éigin eile.” Is mar 11sin do chuir Éamonn deireadh le n-a gcomhrádh an lá soin is d’ fhág Cormac ar buile chum tuilleadh eólais d’fhagháil ar rún-chomhairle áir is fola an Phresident uathbhásaigh úd. Ba léir d’Éamonn go raibh Cormac lán do sgleóndar is nár dheacair é mhealladh. Dála Chormaic iar sgaradh le n-a charaid do luigh sé ar dhian-mhachtnamh cionnus do bhí an chúis, do chuir a chroidhe ag bualadh, is do bhain codladh na hoidhche dhe, ag dul ar aghaidh. Bhí anois ’na theannta duine ullamh caoitheamhail ag a raibh aithne ar an bPresident, is dár bh’eolach mórán dá rúnaibh. Bhí sé cinnte gur ceapadh Éamonn Cléireach chum an chúis sin do chur chum cinn.

12