← Table of contents
Cormac Ua Conaill

AN DARA hALT DÉAG.

Reading edition

AN LÉIR-SGRIOS.

Bhí an lá ag breacadh. Bhí spíce beag solais le feicsint leastoir ag dathughadh barr na sléibhte. Bhí lóithne fionn-fhuar garbh-ghéar ag séideadh is ag cronán go brónach, doilbheach tríd an ghleann. Ba dhiamhair uaigneach é radharc an ghleanna soin is an solas ag dul i neart, na tora muthallacha bána ag crothadh a gcochall coisne díobh féin le gach séidóig gaoithe, is dá lán-luasgadh fá chomairce na mor-chrann, is an talamh cruaidh-shleamhain ó’n sioc.

Bhí an tIarla tré n-a chéile i dtaobh na bhfear do chuaidh chum na beitheidhigh do sholáthar, is níor bh’annamh ag rádh é gurab iongantach ná rabhadar ag filleadh “Tá sé ró-luath fós,” a deireadh Cormac; “is ar éigin atá breacadh an lae ann. Ní dhéanaim amhras ná go mbéid siad annso láithreach.” Ag comhrádh mar sin dóibh do briseadh isteach doras an bhotháin le tréan-bhuille, is gan maill nóimenite bhí gasradh fear lán-armtha ’na seasamh ar an urlár. Ar dtúis do shíl an tIarla gur bh’iad a mhuinntear féin iad is bhí iongnadh air iad a theacht isteac chomh fiadhain sin. Acht níor fhág a n-imtheacht aon amhras air ’na dtaobh agus is gearr gur bh’fhollas dó go raibh sé imeasg a námhad.

Ní raibh ’san mbothán an taca soin acht an tIarla féin is Cormac is seanóir eile. Ar thaobh an námhad b’shin é Domhnall Dub—níor b’fhéidir dearmad a dhéanámh ann—fíochmhar, feargach, garbh-fhiadhain, is go 79léighfeá íota fola is óir ’na gharg-ghnúis droch-fhuadrach. Do labhair Cormac leis i nguth árd is dána, is dubhairt: “A Dhomhnaill, cad tá uait? Sáthaigh mise tré lár mo chroidhe is léig do’n taoiseach aosda onórach so,”—is ag rádh na bhfocal soin dó, chaith sé é féin idir an t-athach is an tIarla. Do dhruid Domhnall uaidh i leath-taoibh é, is dubhairt: “Bíodh foidhne agat, fan go mbéimid réidh leis an gcuradh ar dtúis, tá breith agat air, ní dhearmaidfear thu, ná bíodh eagla ort.” Is gan maill d’aimrigh sé buille ar cheann an Iarla. Do mharbhóchadh an buille sin é acht gur chosain sé é féin le n-a láimh. Do géar-ghoineadh a uilleann dá chur i sior-phiantaibh, acht ní thug sé braon fola. Cé gur mhór a chuid pianta níor liúigh is níor sgread an seanduine, agus is cródhach fearamhail adubhairt: “Suas ar do láimh! Is mise Iarla na Deasmhumhan! An im’ mharbhadh ataoi, a chladhaire?” Cé gur léir do Dhomhnall gur bh’é an tIarla do bhuail sé, do chuir an t-adamhughadh soin breis mhisnighe air, is thug sé iarracht eile fé, dá ghearradh ’san mhuineál i gcuma gur rith an fhuil ’na caise go talamh ó’n gcneadh.

Tar éis an bhuille sin, cé nár thuit sé níor fhan lúth ’na bhallaibh, acht is soiléir d’airigheadh é ag rádh: “Éagaim d’onóir Chriosd is do shaoirse mo thíre.” Ba shaidhbhreas do Chormac na focail sin. Dá mhéid é a chuid cumhadh do chuireadar ag dian-mhachtnamh é ar an tuirse bhí roimh mhuinntir na hÉireann, is an dubh-cheó d’éirigh ’na shlighidh féin is chuir deireadh le n-a cuid dóchais go deó.

Ar feadh na haimsire seo do chongbhadar beirt fhear Cormac is ní gan duadh é. Do tharraingeadar an t-athach mór is beirt eile an tIarla amach tar dhoras is é ag tabhairt a chuid fola i dtréan-thuile. 80Do shíneadar é ar an dtalamh amuigh tamall beag ó’n mbothán, is annsoin do buaileadh arís is arís eile é. Bhí cnead a mhuinéil anois chomh leathan soin, is bhí an fhuil ag gluaiseacht as chomh tiugh soin go raibh eagla ar an athach go gcaillfidhe é idir a dhá lámhaibh. Ar an ádhbhar soin bhuail sé buille thuaigh air chum an ceann a bhaint de. Acht tháinig crith ’na láimh is níor fhéad sé a chuid nirt ar fad a chur ’san mbuille. Do thug sé iarracht eile, agus leis an treas iarracht do bhí ceann Iarla na Deasmhumhan sgartha leis an gcorp go deó na ndeór.

An fhaid a bhí an léir-sgrios so dá dhéanamh bhí Cormac go neamh-shuaimhneasach fá ghreim ag an mbeirt úd is gan uaidh acht tuitim dá mb’fhéidir i dteannta an Iarla, is óir do theip sin air ba dhoilbh iad na hosnaidhe i n-ar labhair brón a chroidhe. Is ar cheann an Iarla do bhí Domhnall ag brath go bfaghadh sé an t-airgead. Is uime sin is aireach do ghlan sé an fhuil de, is do chas go ceanamhail i linn-éadaigh é, is do cheartuigh an cheartlinn sin i dtreó go bféadfadh sé é bhreith leis go háiseamhail go Caisleán na Mainge. Do sgaoil an bheirt Cormac uatha annsoin. Do rith an t-óglách go dian-chráidhte chum an choirp gan ceann do bhí smeartha le fuil agus d’fhan sé le n-ais ag síor-fhaire is ag dian-mhachtnamh ar a ghlúnaibh go brónach, lán-uaigneach, gan féachaint anonn ná anall, gan focal do labhart, gan deor do shileadh, gan na neithe do bhí ar siubhail timcheall air do thabhairt fá deara. Acht bhí sé ceapuighthe ag an athach é thógáil leis, is óir ba mhithid dóibh filleadh tar n-ais do chuir sé beirt fhear chum é a bhreith leó. Do liúigh Cormac chomh truaighmhéileach soin ’nuair thugadar iarracht ar é tharraing leó ó’n gcorp go léighfeadh sé garbh-chlocha an tsléibhe chum truaigh is taise dhó.

81Is cruaidh an námhaid ná bogfadh chum truaigh ar fheicsint an óglaigh dubhaigh chráidhté úd dá chaitheamh féin ar an gcarnán cré is fola úd dá snaidhmeadh féin leis go dian-daingead, is ag rádh, “Fág, ó fág mé i bhfochair mo charad!—marbhaidh mise leis!” Ní fhuair na fir ionnta féin é a thabhairt leó. Acht níor mar sin do Dhomhnall—ní raibh an croidhe chomh bog soin aige. Bhí deithneas air. Bhí ceann an Iarla greamnighthe ’na láimh chle aige, agus is mar sin do tháinig sé chum na háite ina raibh Cormac ag fuirseadh leis na fearaibh. Do rug sé ar ghualainn air is d’árduigh leis é. Anois cá raibh an mhaitheas ’na chuid fuirse is únfairt is liuithrigh?

Acht féach! tá gasradh fear ag cur an ghleanna dhíobh go lán-mhear, ullamh, gléasda, chum comhraic, agus is deallramhach go bhfuilid ar thí an tIarla a sgiobadh leó beó nó marbh. Do chóirigh Domhnall a mhuinntir féin ’na n-aghaidh, is é féin ag congbháil greim ar Chormac, is dian-ghreim ar cheann an Iarla ’na dhá láimh. ’Nuair a thángadar na fir eile i ngearracht dóibh b’fhollas go raibh fonn comhraic ortha. Do bhí fear lúthmhar, tapa mar cheann urraid ortha. Ba mhear, dian, dána, do chuir sé an gleann de; is ní raibh dearmad ná himtheochadh sé gan droch-obair. ’Nuair bhí an dá bhuidhin os comhair a chéile do bhog an t-athach do gheit do Chormac, is do sgread sé mar tharbh allta. Do bhúir sé arís is arís eile, is, cé gur ró-dheacair leis é, do raid sé ceann an Iarla uaidh is do theich sé i lán-ghealtaigh, mar do b’é an Caomhach—an fear do mhairbh sé, mar ba dhóigh leis—do bhí ’na cheann ar an námhaid! Ní raibh eólas ag aoin’ne ar chúis a bhuile, is tháinig briseadh is mí-órdughadh ar a ghasradh, is do shleamhnuigh Cormac anonn go taobh an Chaomhaigh gan duine dá mhothughadh.

82Is beag an dúil i ngleó bhí ag gasradh an Chaomhaigh ’nuair fuaradar an tIarla marbh rómpa, is bhí gach taobh ullam chum siothcháin a dhéanamh go mór-mhór óir ná raibh an t-athach le fagháil—mar d’imthigh sé ar buile as a radharc ag béiceadh is ag dian-sgreadadh go fiadhain fraochmhar fíor-eaglach. Ar an ádhbhar soin, do rinneadh siothcháin láithreach eatortha is do ghluais muinntear na Bainríoghna ortha go Caisleán na Mainge ag breith cinn an Iarla leó is d’fhan gasradh an Chaomhaigh annsoin chum an corp d’anachadh is do fágadh Cormac i n-aenfheacht leó.

’Nuair a bhí a sháith caointe déanta ag an óglách os cionn chuirp an Iarla do chuir sé fáilte lán-chairdeamhail roimh an gCaomhach is do bheir sé buidheachas go taitneamhach leis an té do sgiob é an dara huair ó lámhaibh na n-eachtrann, is do luigheadar ar chainnt go céileamhail ar an gcuma i n-ar theagmhuigheadar le chéile arís. Ó d’fhág sé Cormac go tréith na leabaidh do bhí an Caomhach ar a dhícheall ag bailiughadh fear chum an tIarla a chosnamh, mar bhí a shár-fhios aige go raibh Domhnall ag faire air chum a thógtha nó a mharbhuighthe. Ar feadh a bhfad ní raibh fios aige ar ionad comhnaidhthe an Iarla, is ba dheacair fir d’fhagáil do chuirfeadh iad féin i gcontabhairt ar a shon. Do bhí beirt fhear leis ag faire ar an athach agus is uatha scin do fuair sé eolas ar a raibh ar bun an oidhche sin aige; is dá n-aontuigheadh Dia go dtiocfadh sé i n-am ar maidin bheith an tIarla slán beó ’na measg an tráth soin.

D’iompuigh a gcomhrádh ar Dhomhnall is ar an bhfeall a bhí ’na chroidhe, ar an Iarla is ar a mhuinntir. Ó theagmhuigheadar ar dtúis le chéile ní raibh caoi aca ar thracht ar a muinntir féin, is uime sin ní raibh eolas ag aoin’ne do’n bheirt ar ionad comhnaidhthe an fhir eile; acht anois 83óir ba mhithid dóibh cuimhne ar dhul a bhaile b’éigin dóibh labhairt tar na neithibh seo. D’fhiafruigh an Caomhach do Chormac cár chomhnuigheadar a thúismightheóiridhe. “Maireann mo mháthair,” ar Cormac, “i gClais Doimhin acht tá m’athair le fada as baile. ’Nuair a bhris an bhuaidheart so amach ar dtúis, is iomdha bliadhain ó shoin, d’fhág m’athair an baile is as soin amach ní bhfuaramar aon tuairisg air. Is é mheasaimíd go bhfuil sé marbh le fada riamh. A Dhia na ngrás, dá bhfeicinn m’athair arís is ró-shásda bhéidh m’intinn!” “Tá t’athchuinige fagháltha agat cheana,” ar an Caomhach, ag snaighmeadh a lámh timcheall air, “is mise an t-athair sin dob’ áil leat fheicsint!”

Bhí Cormac, amhail adubharamar, géar-chúiseach, is anois is tapa do rith in’ aigneadh na bearta cruadha ina raibh sé go déidheanach is cia an nós do shaoruigh Dia é ó gach ceasna, is do chuir a athair féin chuige chum a lán-bhruid a sgaoileadh is bheir sé buidheachas le Dia le saor-chroidhe. Acht cé gur mhor an t-áthas a chuir radharc a athar air níor thaise do’n tocht cumha do chuir a chroidhe fá smúid i ngeall ar íde an Iarla—do bhí riamh go daingean ’na chuimhne. Ba dhubhach an obair a bhí rómpa. Do sgaoil an Caomhach—Conallach do b’eadh é—na fir a tháinig leis a bhaile acht amháin ádhbhar beag do chongaibh sé chum cabhruighthe leó i gcomhair anachaidh an Iarla.

D’fhaireadar an oidhche sin an corp úd gan ceann do bhí sínte go cóirighthe fá ghéagaibh árd-chrainn. Ba doilbh an tórramh é, ní raibh coinnealla ná soillse ann, acht réilte na spéire ag dian-thaitneamh as ag tuar cuisne i gcomhair na maidne; ní raibh uaill-ghol ban le cloisint acht doilbh-chronán na garbh-ghaoithe ag sios-mharnach go huaigneach tré ghéagaibh nochtuighthe na mór-chrann, 84is ag réabadh drislighe is dá sgaipeadh i gcéin. Acht níor chuir sioc ná fuar-ghaoth Cormac ná athair Chormaic ó’n a ndian-fhairead le hais an chuirp tré íochtar mhall na hoidhche, ní mór a labharadar acht air uairibh ba thréan a ngéar-osnaidhe. Anois is arís do thagadh tocht cathuighthe ar Chormac i dtreó go gcluinfidhe gach cnead doilbh-dhubhach uaidh ar fuaid an ghleanna is b’iongnadh nár éag sé le garbh-ghuais bróin.

Tar éis an tórraimh fhíor-uaignigh úd do rugadar an corp gan cheann go Cill na Manach, roilig do bhí tímcheall cheithre mhíle uatha, agus annsoin do cuireadh ar fhan i n-Éirinn d’Iarla na Deasmhumhan. An fhaidh a bhíothas dá chur síos ’san uaigh is dá chlúdach le cré dubhradh urnaighthe dá anam is ’nuair bhí an obair críochnuighthe do chan Cormac le hárdh-ghuth go doilbheach buaidheartha an marbhnadh so.

Illustration from Cormac Ua Conaill: Sgéal bhaineas le hÉirge Amach agus díth-cheannadh Iarla na Deasmhumhan (A.D. 1579-1583)

85

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings