AN CEATHRAMADH hALT.
Reading edition
AN TURAS.
Ar maidin lá’r n-a bhárach do luigheadar ortha a dtriúr go mall is go seachnamhail tré ghleanntaibh na hAbhann Móire. Ar uairibh do chongbhadar le chéile ar eagla roimh namhaid, is ar uairibh do sgaradar ó chéile ar feadh tamaill ar eagla go dtabharfaidhe fá dheara iad. B’ éigin dóibh go minic bheith gan lón ar eagla dá solátharóchadh siad é go mbéarthaidhe go hobann ortha; is b’éigin dóibh codladh ins na coilltibh do thárla ’na slighidh. Is amhlaidh d’fhaireadh an bheirt aosda gach re tamall do’n oidhche i gcuma go mbeadh codladh na hoidhche ar fad ag Cormac.
Bhí an chríoch tré n-ar ghabhadar millte, sgriosta tar fóir. Bhí guirt choirce is chruinneachta na gcosair easair, nó losguighthe gan bhrígh. Bhí na tighthe ar lár, na dóirse is na taobháin briste, an díon imthighthe leis an ngaoith; bhí na daoine bochta lér bhain na tighthe seo ’na seicidiúraibh ag seasamh ar thaobh bhóthair is ag crith le fuacht gan balcaisíbh gan bhiadh gan digh, nó bailighthe fá ghéagaibh na gcrann, nó, fós, ag cuardach rud éigin bhainfeadh an t-ocras díobh tré gharradhaibh loitighthe is tré mhóinfhéaraibh dubh-loisgthe. Ba thruaighmhéileach an radharc na páistí beaga bochta tarlomnochta gan lúth ’na mballaibh, gan sméide ’na ngnúisibh, gan uaim ghrinn ná cheóil ’na mbéalaibh, gan súgradh ar bhántaibh mar ba ghnáth, acht ’na síománaigh fuirighthe fann ag bailiughadh na neanntóg nó ag suidhe cois bhallaidhe fuar is gan fiú na coisidheachta aca.
31Bhí an t-arbhar, áit nár loiteadh le teinidh é, ag aibiughadh is ag breacadh go lán-mhear. I n-áiteannaibh bhí sé gearrtha is curtha i bhfolach sul a bhfuaideóchadh muinntear an chogaidh é, is bhí fir ag faire gach lá ar na mullachaibh mór-dtimcheall. D’fhaireadar na gabháltaidhe a mbólacht ló is oidhche, is níor bheartuigh aon’ne gur bh’fhiú uair do chloig a bheatha ná a mhaoin. Bhí na daoine ag fagháil bháis go tiugh le hocras is le hanró is go minic ní raibh aon ne’ chum iad d’ adhnacadh. Níor bh’annamh le feicsint ablacha leath-lobhtha ar dhruim talmhan stollta as a chéile le gadharaibh. Níor bh’annamh le feicsint páistí óga bailighthe timcheall na n-ablach sain dá n-ithe go cíocrach is ag síor-bhruighean le chéile ’na dtaobh. Do leath an bás agus an t-ocras daol-bhrat bróin ar spéir is ar thalamh. Ní raibh séis na gotha daonna i dtigh ná gáir na n-éan i gcoill le cloisint lá grianmhar foghmhair ar feadh mílte do’n tslighidh.
Tráthnóna áirithe do bhíodar ins an tír idir fhuinse na hAbhann Móire is an tOileán. Do tháinig mór-shéideadh gaoithe is fearthainne ortha go hobann do rinn’ oidhche do’n lá. Láithreach baill bhí na bóithre go léir fá thuile is na sruthair mór-dtimcheall do bhí i ndísg nach mór ar maidin anois ’na dtuiltibh móra ag cur a nglór i gcéin. Ar uairibh do las an spéir le splanncaibh lonnracha, is ’na ndiaidh d’airighthí fothram uathbhásach tóirnigh ag gluaiseacht, ag filleadh, is ag aith-fhilleadh idir na sléibhtibh mar fhuaim chogaidh na n-athach. Bhí an triúr anois fliuch isteach go dtí an croiceann, is a gcuid balcaisí chomh trom soin le fliuchán gur dheacair dóibh siubhal; ’na fhochair sin bhíodar lag-bhríoghach ó throsgadh an lae, is ba mhithid dóibh imshníomh do dhéanamh ar fhuithin éigin 32d’fhagháil i gcomhair na hoidhche do bhí anois ag tuitim go dubh-sgamallach ar mhuir is ar thalamh. Ag machtnamh ar an chruaidh-cheist sin dóibh do chonnacadar os a gcomhair teach gabháltaidhe ar árd le hais an bhóthair; bhí na ballaidhe gealta le haol, is bhí díon cluthmhar seasgair air lasmuigh; acht ní mórán eile bhí le feiscint ’na thimcheall do chuireadh fonn ar lucht siubhail dul isteach chum a sgís do léigean díobh. Bhí ba is capaill i bhfearann le hais an tighe ag baint sgáith na gcladhthach dá chéile mar chomairce ó’n anfadh.
Do thógadar comhairle a chéile an rachaidís isteach ag iarraidh dín na hoidhche. Agus is í comhairle do cheapadar, d’aon mheón amháin, dul fá dhéin an tighe, gur bh’fheárr bheith i gcontabhairt bháis ó námhaid ná fanmhaint go fuar, fliuch, fann, fá gharbh-shín na hoidhche. ’Nuair a thángadar go dtí an doras, do fuaradar leath-osgailte é, is chuadhadar isteach gan chuireadh, gan iarraidh. Bhíodar chomh fliuch, chomh fuar soin, chomh teirce le lagachar is le hocras go dtiocfadh truagh dhóibh i gcroidhe a námhad féin, dá chruaidh-chroidhighe neamh-thruaighmhéilighe é. Acht cibé eagla bhí ortha roimh mhuinntir an tighe níor lean sé i bhfad díobh. Do bhí fear d’aois timcheall an dá fhichead, is a bhean mórán níos óige is ceathrar leanbh ’na suidhe le hais teineadh do las ós a gcomhair go soillseach is go seasgair ar an teinnteán, gan bheann aca ar an anfadh do bhí ag réabadh tor is ag tréan-luasgadh coillte lasmuigh. D’éirigh fear an tighe is a bhean i n-éinfheacht is chuireadar fáilte rómpa le hurraim is le cneas-dacht. Do labhair an Caomhach láithreach is dubhairt gur deoraidhthe iad do bhí ag dul i gcéin is go raibh sé do dhonas ortha garbh-anfadh do bhreith ortha ins an áit fhiadhain neamh-dhíonmhair soin, is go mbeidís buidheach 33go deó dá dtabharfaidís dóibh cead fanamhna fá dhíon an tighe go maidin. Do bhí sé chum a thuilleadh d’aithris ’nuair chuir fear an tighe cosg air ag rádh go raibh céad fáilte rómpa, is gan maill do rinneadh gach ar bh’fhéidir chum cabhruighthe leó. Do luigh fear an tighe is a bhean ar bhreis teineadh do chórughadh chum a gcuid éadaigh do thiormughadh. Níor bh’fada gur shuidheadar na deóraidhthe chum bídh, do hullmhuigheadh le deithineas, acht bhíodar, ’na dhiaidh sin, milis soghail, tar éis a gcuid sgís is anró. Bhí Cormac chomh lag soin gur bh’éigin dó dul do chodladh gan moill. D’fhan an bheirt eile go ceann i bhfad do’n oidhche ag comhrádh le muinntir an tighe. Ba mhilis subháilceach a gcomhrádh le chéile, acht níor tharraing aon’ne aca chuige cúrsa an chogaidh ná aon rud eile ar a mbeith áiteamh nó dhá chéadfaidh. Fuair Chormac leabaidh i seómra bheag i mbarr an tighe, is do chodail an bheirt eile i seómra fá leith. Tar éis dul do chodladh don bheirt d’airigheadar muinntir an tighe go gnóthach ag ullmhughadh bídh, dar leó, do dheoraidhthibh éigin eile do tháinig chuca i lár na hoidhche.
Tar éis tamaill do chiúinigh an teach ar fad acht níor fhág soin an Caomhach gan eagla go n-imtheóchadh rud éigin ar Chormac. Níor dhún súil leis, cé gur sámh do chodail an t-athach le n’ais. Le neart a neamh-shuaimhnis d’éirigh sé ’na shuidhe go socair, is d’éaluigh go ciúin ’san dorchadas go doras an tseómra i n-a raibh Cormac. D’éist sé ar feadh tamaill ag an doras is d’airigh go soilléir osnaidhe is gearán an óglaigh. D’osgail sé an doras. Ní raibh splannc solais ’san tseómra. Do tháinig crith-eagla air ag déanamh ar an leabaidh dó. Is geárr gur lámhuigh sé duine éigin ag tabhairt iarracht ar fhear na leapadh do thachtadh. Do sgread an t-óglách le pian. Do rug an Caomhach ar an té bhí 34dhá thachtadh. Níor labhradar gíog le chéile acht dul i n-achrann i n-a chéile i ndian-fhuirse. ’Nuair do thosnuigh Cormac ar sgreadadh do bhog an rábaire dá ghreim, do strac sé é féin as lámhaibh an Chaomhaigh, is amach an doras leis ’san dorchadas is níor fhill ó shoin. Ar maidin ní raibh a thuairisg le fagháil. Do thuit Cormac i lagachar is d’imthigh cuimhne na hoidhche sin ar fad as a mheabhair, is b’éigin do’n bheirt eile gluaiseacht chum siubhail is é d’fhágáil ’na ndiaidh sínte ar leabaidh i bhfiabhras, tinn te trioblóideach.

35