AN NAOMHADH hALT.
Reading edition
PRIOMH-IONAD COMHNAIDHTHE AN ÁRD-THAOISIGH.
Do thuit an oidhche, is, amhail a socruigheadh eatortha, do ghluais an bheirt chum siubhail. Ba neamh-chosmhail iad i n-aois, acht ba chosmhail i gcródhacht is i meanmain. Do bhí a slighe tré réidh sléibhe do bhí fliuch is garb fá n-a gcosaibh is ar feadh leacan chnuic is síos isteach i ngleann fhada, chaol, lán do charraigeachaibh. Cé go raibh an oidhche dorcha go leór is an tslighe deacair, b’ éasgadh, lúthmhar é an seanduine ag gabháil tré imeallaibh corrach tré fraoch is fionnán is ag rith le fánaidh go lán-tapa. ’Nuair a sroicheadar an gleann do chonnaic Cormac léas beag solais tamall maith uatha. Bhí sgleóndar air ag taisbeánadh an solais sin do’n Iarla, agus dubhairt seisean, “Tá go maith—sin iad mo champánaigh-se. Tá siad leathta le fuacht ag feitheamh liom ar feadh na hoidhche.” Do chuaidh na focail sin tré chroidhe Chormaic mar do rachadh bior ghaoithe. “‘Mo champánaigh,’ gó bhfóiridh Dia orainn! an bhfuil acht soin? Ní sluagh, ní buidhean, ní gasradh atá romhainn acht campánaigh.” Do chnead sé le buaidheart, is d’éirigh osna i ndiaidh chum a bhéil, acht ar eagla go dtiubhradh an tIarla fá deara go raibh sé dubh-bhrónach do choisg sé dá chumha, is dubhairt go raibh áthas air go rabhadar chomh athchumair dóibh.
Taréis dul tamall níos sia dhóibh do léig an tIarla fead as. Do freagradh é, is ba ghearr go dtáinig beirt fhear ’na gcoinnibh. Do phógadar a lámha go urraimeamhail, is do chuireadar fáilte roimhe go ró-chneasda. 64“Seo óig-fhear, cara damh-sa,” ar an tIarla, “do tháinig im’ fhochair chum a chion dom’ ádh nó dom mhí-ádh do ghlacadh.” Ba ghairid uatha anois príomh-ionad comhnaiththe an árd-taoisigh. Ar mheas óglaigh árd-aimnigh mar Chormac ba shuarach an rud é. Bhí cábán mór leathta fá thaoibh árd-chairrige, is fá na chomairce sin do bhí fiche fear ’na suidhe ag comhrádh eatortha féin go sultmhar. Bhí áit fá leith ’san chábán mar a raibh an tIarla le codladh, is anois b’éigin dóibh a shamhail a dhéanamh don óglách, agus is fonnmhar tapa do thugadar fé is ba gheárr an mhaill ortha é do chríochnughadh is do shlachtughadh.
Taréis a chuid chomhráidh le Cormac do tháinig árd-mheanma i sean-chroidhe dhúr an Iarla. Ba gheall le hóglách é féin an oidhche sin. Níor fhan gruaim ná duairceas na haoise ann. Do sgaip an dubhcheó ó n-a chroidhe is bhí a ghnúis dá chrion-feóighte é ag léir-thaithneamh le sult is le lán-sgléip. Do bheannuigh sé do gach n-aon dá champánachaibh fá leith. Is b’árd é guth an tsluaigh sin ag fáiltiughadh roimhe. Do bhí ar fad ’san ghasradh soin ceathrar is fiche. Do bhíodar ar feadh an lae soin go dícheallach ag soláthar bó is neithe eile bhí riachtanach dóibh agus ag dian-fhaire ar an námhaid ’na theannta soin. Acht anois fá chomairce dhubh-sgamaill na hoidhche do bhíodar go neamh-eaglach ag caitheamh aimsire dóibh féin is ag léigean a sgís díobh. Do bhíodar go léir nach mór i mbláth ná hóige. Do bhí taithighe ar anró is ar sgíos aca. Do bhíodar tuitighthe ar fad as muingín, agus—mar a ndeinid a leithéidí riamh—do bhíodar ag iarraidh a n-anacradh do cheilt fá shult ghlórach.
An oidhche seo bhí meidhir neamh-chuibheasach ortha, mar do roinn an tIarla ádhbhar leanna eatortha. Do shéid 65an leann fútha, do las sé na féitheacha aca, is do sgaip sé an ghruaim as a gcroidhthibh le na lán-thuile. Dá réir sin d’fhanadar ’na suidhe go cionn tamaill mhaith do’n oidhche. Bhíodar cainnteach is meidhireach is bh’iomdha sgéal ghrinn d’aithriseadh eatortha. Ba bheag an taithighe do bhí ag Cormac ar an leitéid sin do chuideacht, is ar dtúis do thug sé fá deara go haireach gach a ndearna siad, is ní gan fuath ’na chroidhe dóibh. Acht i gcionn tamaill do bhí sé ag teitheadh leó, cé nach mór do labhair sé. Bhí amhráin bruighin is grádh ag dul timcheall is ’nuair do glaodhadh ar Chormac ba mhall aimhleisgeamhail é chum freagartha. Fá dheireadh, taréis moráin tathaint ó’n Iarla, dubhairt sé go raibh dán beag aige do mhúsgail sé féin, is gur chóir dóibh a leath-sgéal a ghabháil dá thaobh óir do bhí árd-mhuingín aige go saorfaidhe a thír ’nuair a cumadh an dán so. Taréis an méid sin a rádh ’na leath-sgéal do chan sé mar leanas:—
ÉIRE.
’Éire, a shearc-bhuime, a bhanaltra shéim,
Inis na ngeal-chnoc, na nglaisidhe, ’s na gcraobh,
Do bhasgadh ’seadh d’aibig gach peannaid im’ thaobh;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
’Éire, do ghéimhleachaibh céasda ag fuasgailt,
’Éire, na leasg, na tamáilte ag músgailt,
Do’n deóraidhe dubhach, doilbheach, do dhoras ag osgailt;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
’Éire, ó Ghallaibh fuair basgadh ’gus milleadh,
’San braon brónach, bog, riamh led’ rosgaibh ag sileadh,
Do chuid cumhachta imthighthe gan tuairisg, gan filleadh;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe.
66’Éire, ní cuimhin leat-sa síothcáin do bhlaiseadh,
Is fada fá thár-bhruid, is fánach fá mhaise,
Le sealad ag léir-ghol, gan faoiseamh, gan taise;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
Ba mhinic do shléibhte le caor-theinidh ar lasadh,
Ba mhinic do leómhain i ndeóraidheacht gan chasadh,
Ba mhinic do bhuailis go huaigneach do bhasa;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
’Éire, do shaoirse is d’fhírinne sheasaibh,
Led’ shluagh láidir chalma neartmhar i dtreasaibh,
Gan eagla roimh námhaid is gan beann ar a gcleasaibh;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
Ba mhinic í d’fhíor-fhuil ’na caoin-sruith dá dortadh,
Ba mhinic go tláth thú le gábhtar is gorta,
Cathughadh id’ cheóltaibh, ir bróndubh id’ phortaibh;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
’Éire, is tú d’fhulaing an milleadh ro-shearbh,
Is leat-sa do castaoi an t-asmhuchán garbh,
Is an t-éitheach do sgeitheadh ar do bheó is ar do mharbh;
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
’Éire, is mithid duit misneach do ghlacadh,
Tá do sgamaill ag sgapaidh, do shamhradh ag breacadh,
Ná mothuigheann tú an léir-theas taréis éirlaighe an tseaca?
’Éire, ’sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe!
Tá bláth ar gach craobh úir, tá sgéimh ar an dtalamh,
Tá ceól agus aoibhneas i gcoilltibh bhí balbh;
Go deó, deó arís, ní bheir íseal ná dealbh;
’Éire, sé do ghéar-ghoin do chéas mo chroidhe.
67Ba thréan glan an guth do bhí ag Cormac i nós go n-aireochaidhe gach sioladh dár chan go cruinn ar fuaid an chábáin, is síos go bun an ghleanna uaignigh úd. Tháinig lán-iongnadh ar na fearaibh. Bhí deireadh le n-a gchuid racaireachta an oidhche sin, is do thuit ciúineas doilghíosach dubh-bhrónach ortha go léir. Do lean freangaidhe an ghotha uaignigh sin iad, is chuir dá n-aimhdheóin ag dían-machtnamh iad ar an tuirse bhí rómpa.

68