← Table of contents
Cormac Ua Conaill

AN SEACHTMHADH hALT.

Reading edition

COILL TRÉ THEINIDH.

Bhí a lán do’n lá caithte ’nuair do dhúisigh Domhnall Dubh as a shuan fá’n gcrann. Do shuidh sé aniar, is bhí mearbhall air mar a bheith ar fhear mheisge. Do chuimil sé a shúile is d’fhéach mor-dtimcheall. Ar dtúis ní fhacaidh sé aon ní. An raibh an oidhche ann cheana? Nó cad do leath an dubh-sgamall deataighe úd ar an spéir? D’fhéach sé arís is chonnaic sé soillse ar gach taobh. D’airigh sé fothram amhail le gaoith móir; do phreab sé ’na sheasamh, agus is amhlaidh bhí an choill mhór ina raibh sé, ar feadh a radhairc, tré theinidh!

Bhí teine ar gach taobh de; bhí na crainn mhóra mór-dtimcheall ar léir-lasadh, is a ngéaga dóighte, dubh-loisgthe ag síor-shileadh leó. Bhí an tréin-teine úd ag rith le mire tré an bhfásach do bhí cruinnighthe ar an dtalamh is tré dhrisleach do bhí chomh tirim le smólaibh. Ba thruaighmhéileach é béic na mbeathaidheach n-allta dá ngreadadh le lán-teas. Do ritheadar go fiadhain annso is annsúd ag troid le n-a chéile nó dá radadh féin ar léir-bhuile i lár na lasrach. B’uaigneach é sgread na n-éan ’nuair do dhruid an bhrothal leó, ag eitill ar mearbhall tré néaltaibh deataighe nó dá loisgeadh féin tar fóir i measg na ndearg-chraobh. D’éirigh lonnradh na lasrach go hárd ’san spéir. Bhí craobha solas-lagharacha ag tuitim ’na gceathaibh is dá bhfuadach le gaoith, is dá sgaipeadh mór-dtimcheall. Ba chosmhail fothram na lasrach le glór na hAbhann Móire fá dhearg-thuile.

50Ar amharc lán a shúl don radharc soin, níor bh’iongnadh go dtáinig gníomh na hoidhche aréir chum cuimhne Dhomhnaill, is gur chrith se le fíor-anaithe. Do ghluais sé chum siubhail, ní fheadair sé cia an tslighe fuair sé, tré fhásach dhearg-the, tré dhrisleach chas lán-achrannach, fá chrannaibh loisgthe is ar lasadh. Do dóigheadh a chasóg ar a dhrom. Ar uairibh do thuiteadh géag do chrann ar mhullach cinn air dá dhóghadh is dá lán-bhasgadh. Do shéideadh cipíní dearga luath-ghríosach is smóil fad-soillseach ’na aghaidh le garbh-ghaoith. Acht níor shos dó ’na thaobh soin. Do luigh sé air gan seasamh, gan féachaint timcheall, gan fiú na hanála do tharraing, go breóighte brúighte cneas-loisgthe, go raibh sé glan as an gcoill.

Tar éis fágbháil na coille dhó, chaith sé é féin ar an dtalamh chum a chuid sgís do léigean de. Bhí sé go lag-bhríoghach le hanró is le hocras. Bhí sé leath-nochtuighthe, óir do loisgeadh a lán dá chuid éadaigh ’san choill. ’Nuair d’éirigh sé ’na sheasamh arís is d’fhéach sé timcheall do chonnaich sé sliabh árd as a chomhair—Sliabh Mis do b’eadh é—ar dhearg-lasadh. Do rith an lasair mór-dtimcheall leacan an tsléibhe, is ba thréan is ba lonnrach an bladhm d’éirigh suas ’san spéir ag cur a ghlóir i gcéin mar ghlór fiadhain-thonn na mara fá anfadh earraigh. Do ghabh sé an bóthar fá bhun an tsléibhe, is chonnaic sé na daoine, óg is aosda, ag teicheadh leó féin is ag caoi-ghul go hochlánach. D’fhágadar ’na ndiaidh a dtighthe, a gcuid arbhair, is a raibh aca ’san tsaoghal, dubh-dhóighte, is bhíodar féin is lucht a leanamhna gan biadh, gan fuithin, i gcomhair na hoidhche.

Níor bhog é croidhe Dhomhnaill, acht, dá chruadhacht é, chuir an radharc soin gruaim air. Do shiubhail sé tamall eile do’n bhóthar is chuaidh sé isteach i dtigh mhór fhairsing 51ag iarraidh ruda éigin le n-ithe. Do bhí beirt nó triúr fear istigh ar leath-mheisge is óglach ’na bhfochair ag tabhairt aire dhóibh. Bhíodar ’na suidhe timcheall chláir, is ag cantain go súgach.

Níor b’iongnadh go raibh sgannradh ortha ar fheicsint an ídeadh bhí ar Dhomhnall, a chuid éadaigh dóighte, is dath an ghuail ar a chneis. “Ní mise do rinne é,” ar fear díobh. “Ní mise do dhóigh an choill,” ar fear eile, is thugadar iarracht ar shleamhnughadh go dtí an doras; acht do chongaibh Domhnall le n-a dhá gharbh-láimh go daingean iad. “Is cia hé, mar sin,” ar Domhnall, “do rinne an lán-sgrios úd?” “An t-óglách soin do rinne é,” ar fear eile. B’fhearr leis an óglách go sloigfeadh an talamh é an uair sin. Acht ní raibh caoi éaluighthe aighe. Gan moill nóimeint do dhruid an t-athach chum an dorais. Do dhún an doras; do raid sé uaidh i gcoinnibh na mballaidhe an bheirt bhí greamuighthe ’na ghlacaibh, mar do radfadh fóid móna. Do rug sé ar sgórnaigh ar an óglách is d’árduigh sé ’san aer é, mar d’árdóchadh buachaill coileáinín, is do leag chum talmhan é ar fhleasg a dhroma. ’Nuair tháinig sé chuige féin is cneasda d’fhiafruigh sé do’n athach cad do rinne sé féin as an slighidh nó caidé an chúis go dtug sé an ídeadh sin air. “A raispín!” ar Domhnall, “do dhóighis an choill is ba dhóbair duit mise a dhóghadh i n-a fochair.” “Tá cathughadh orm id’ thaobh-sa,” ar an t-óglach, “acht tá súil agam go bhfuil an duine ceart dóighte ann.” “Cia hé an duine sin,” ar an t-athach? “Ná fuil a fhios agat?” ar an t-óglách, “de nam do rinneas an sgrios sin chum é a dhóghadh ’na bheathaidh nó é chluicheadh amach as an gcoill tiugh dhaingean úd, áit i n-ar dheacair é a thógbháil.” “Acht cia hé féin?” ar Domhnall arís. D’aithin an t-óglach ar fhéachaint an athaigh cad a bhí 52uaidh, is dubhairt go neamh-eaglach, “An tIarla.” “Is cia hé thusa go bhfuilir chomh dian soin ar an Iarla?” “Is fada mise ag faire air féin is ar a mhuinntir; is fada anois ó chealgas dearbhráthair do.” “An abrair gurab é thusa bhain Seaghán an Ghearaltaigh dá threóir?” “Is mé gan amhras.” “Agus cionnos a rinnis é?”

“’Seadh,” ar Éamonn, ag baint searra as féin, “ní thig liom mé féin do mholadh, acht is mar so do thuit an ní sin amach. Do bhíos-sa i gCorcaigh is bhí aithne mhaith agam ar Sheaghán an Ghearaltaigh. Do bhí sean-dhíthreabhach ró-dhiadha ró-chúramach, dár bh’ainm Tomás Scrabhadhta ’na bhuan-chomhnaidhe i lúibín coille i n-aice le príomh-áitreabh an Ghearaltaigh. Do chuireas ag faire an taoisigh é d’fhonn é shaoradh, mar dheadh, ó amhasaibh na Bainríoghna. Ar m’ordughadh-sa do thug Tomás sgéala chum Seagháin gur cóir dó dul ar cuairt lá áirithe chum fir mhuinnteardha dhó bhí ’na chomhnaidhe le hais Eóchaill, cois na hAbhann Móire. Lem’ ordughadh-sa, leis, an lá céadna tháinig gasradh ó Chorcaigh lán-ullamh chum beirthe air. Do tháinig sé is gan acht duine amháin ’na theannta, agus ’nuair fuair sé ró-dhéidheanach gur mealladh é, do sheas sé go dána i gcoinnibh an námhad. Do bhíos-sa féin le cois an tsluaigh. Do las mo chuid fola chum gníomha do dhéanamh. Ní raibh uaim acht an Gearaltach do bhualadh ar lár. Is lán-thapa do chuadhas fá n-a dhéin, is cruinn díreach d’aimsigheas é le buille marbhthach, is do threasgair an dheas-lámh so árd-taoiseach na nGearaltach.”

“Thugais do ghuais is do dhearg-éitheach, a fhollaire áir, ná marbhóchadh cat,” ar fear do bhí ag éisteacht leis an óráid seo. “Níor bhuailis buille acht teicheadh leat féin is dul i bhfolach chomh mear is b’fhéidir leat é, ’nuair do bhí an Ghearaltach go lán-acfainneach ag 53treasgairt námhad ar gach taobh de. Bhíos-sa féin ann. Is mise an díthreabhach diadha úd agus is mise do bhí le cois an Ghearaltaigh an lá úd. Acht, a ropaire na cnáibe, do mheallais sinn ar aon, is muna mbeith gur theichis leat féin ní bheith neart do ghníomhradh mhaoidheamh anois ionnat.” Leis sin do thug sé fobha fá Éamonn le lán-dásacht mar a thabharfadh duine ar ghealtaigh, is muna mbeith gur chuir Domhnall cosg ar an mbuille do threasgarfaidhe an t-óglách go talamh. Acht níor thaise do Thomás; do thug sé iarracht fá Dhomhnall féin. Do rugadar ar a chéile go cíocrach is do luigheadar ar stracadh a chéile le fraoch is feirg nimhe, is Éamonn ag féachaint ortha go sultmhar. Níor bh’fhuirisde Tomás do leagadh; bhí sé láidir, luath, agus ar buile chum sásaimh do bhaint d’Éamonn is dá fhear chosnamha; acht ní raibh caoi aige dul ó Dhomhnall, is treasgaradh chum talmhan fá dheireadh é.

Chomh luath is thuit Tomás do phreab Éamonn is do sáthaigh sé bior tré lár a chroidhe. Bhí a chuid fola ag spréachadh ar fuaid an úrláir is ar éadaigh an athaigh. Ba ghránna, uathbhásach é féachaint an athaigh, a chuid balcaisí chomh dubh le gual ar sileadh leis, is an fhuil chródhearg ’na linntreachaibh ar fad air. D’iompuigh an t-athach láithreach ar Éamonn, is dubhairt, “Caidé an chúis gur mharbhais an fear soin is nár fhágais fúm-sa é?” “An cladhaire bréagach,” ar Éamonn, “is maith do thuill sé bheith treasgartha lem láimh-se. Is iomdha bréag do chuir sé orm.” “Do chuir, dar ndóigh,” ar Domhnall, ag cur gáire doíghte as. “Ní’l acht ar thuill sé faghálta aige, acht cá bhfuil an tIarla mar so?” “Muna bhfuil sé loisgthe ’san choill, tá sé fá chomairce tighe áirithe, áit ionar dhóbair damh-sa tamall ó shin cladhaire fleasgaighe do baint dá threóir. Acht 54do-bhéarad iarracht faoi arís, is bíodh geall ná héalóchaidh sé uaim chomh réidh sin.”

Cia’ca ’r thuig Domhnall nó nár thuig gur do Chormac do thagair sé, ba mhian leis Éamonn do bhréagadh chum na hoibre do bhí ceapuighthe aige do thabhairt chum cinn. Ar an ádhbhar soin do rinne sé muinnteardhas leis, is do cheapadar ar aon cionnus do gheobhaidís an tIarla muna raibh sé loisgthe cheana ’san choill.

Illustration from Cormac Ua Conaill: Sgéal bhaineas le hÉirge Amach agus díth-cheannadh Iarla na Deasmhumhan (A.D. 1579-1583)

55

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings