← Table of contents
Cormac Ua Conaill

AN SEISEADH hALT.

Reading edition

AN tATHACH AR FÁN.

Do tháinig splannc beag solais fá dheireadh tré fhuinneóig an tseómra bhuaidheartha soin, is do thuit go taitneamhach ar shúilibh aibighe an mhillteóra mhí-adhbharaigh úd do bhí ag feitheamh leis go croidhe-chráidhte. D’fhair sé le bualadh croidhe an solas ag gealadh. Dá dhona an sgéal do bhí aige do chuir solas an lae misneach air, is i gcionn tamaill d’éirigh sé is do chuir uime a chuid éadaigh, is chuaidh sé amach is síos an staighre i léir-chrithibh eagla. Bhí deoraidhthe eile ’na suidhe roimhe ag an teinidh is ag cainnt eatortha féin ar dhálaibh na hoidhche.

’Nuair tháinig Domhnall ’na ngoire do bheannuigh sé dhóibh go cneasda, acht ní raibh fonn ortha puinn a labhairt leis; bhí an oiread soin smachta curtha aige orra gur bh’fheárr leó go mór bheith réidh leis ná bheith ’na chuideachtain. Is mall socair do shiubhail sé go dtí an doras gan léigean aon ní air; is neamh-iongantach do bhuail an doras amach is dhún ’na dhiaidh é. Tar éis dul amach dhó, do shiubhail ar a shuaimhneas ar feadh beagáin aimsire. Agus ’na dhiaidh sin, do bhrígh ná raibh aon’ne ag féachaint air, bhí sé chomh moch soin, do luigh sé ar rith chomh mear is d’fhéad sé.

Do rith sé le n-a léir-neart tré ghortaibh, tar chladhthachaibh is féithibh. Do léim sé tar thoraibh is aibhnibh, d’fhorgaibh cnuic, is do raid é féin mar thóirneach le fánaidh; do bhris sé tré choilltibh, ar uairibh ag dul i n-achrann i dtoraibh, ar uairibh ag réabadh is ag stracadh 46ó’n bpréimh is ag tarraing ’na dhiaidh géaga móra crann do thárla ’na shlighidh. Do rith sé le hanaithe an té bheadh ag teicheadh ó ghread-theinidh, le buile an té cheapfadh go raibh na mairbh ar a lorg chomh maith leis ar raibh beó, le dásacht an té bhéadh claon chum toirmisg is cíocrach chum tuilleadh fola do dhortadh. Do bhrath sé go raibh fear ar tí beirthe air i bhfolach i gach tor bhí ’na shlighidh. Bhí amhras aige go rabhadar na haodhairí eallaigh do bhí go haimhleisgeamhail ag siubhal tré bhántaibh úr le drúcht na maidne, ag tógáil comhairle ó chéile chum a thógtha. Ní raibh leóithne fionnfhuar ag séideadh ar dhruim chnuic, ní raibh caol-shruth ag cuaird tré mhongaibh go glórach éasgaidh, ní raibh éan ag cantain fá chlúid duilleabhair, ní raibh búir ag boin ná fead i mbéal buanaidhe nár labhair leis le guth an té do mhill sé, is nár nocht an léirsgrios do rinne sé do’n domhan go léir.

Ar uairibh do stadadh sé. Ba dhóigh leis go n-airigheadh sé an guth caoin cneasda úd do chiúinigh sé go deó. Ní raibh ann acht an ghaoth ag cromadh na dtor chum talmhan. Do thiormuigheadh sé an lán-allus dá leacain, is sgíordadh chum reatha arís gan sost, gan suaimhneas. Do bhí sé anois i bhfad o’n áit i n-a ndearna sé an fheall-bheart, is b’éigin dó é féin do chaitheamh ar an talamh le tuirse fá ghéagaibh crainn giumhaise i lár coille. Níor chian gur thuit a chodladh air, is fágfamuid annsoin é, óir is mithid dúinn filleadh chum an tighe i n-ar rinneadh an dúnmharbhadh.

Bhí iongnadh ar an muinntir do shuidh le hais na teineadh nár fhill Domhnall i dtráth, acht is gearr gur iompuigheadh a gcomhrádh ar neithibh eile, is d’imthigh sé as a gcuimhne. Níor mar sin do’n Caomhach do bhí ’na measg, is do bhí ag cainnt leó go cneasda. Do chuimhnigh 47sé ar an mbuile bhí ar Dhomhnall ’san oidhche agus is buaidheartha bhí sé i n-’aigneadh na thaobh, is do theasduigh uaidh go mór é d’fheicsint is gach nídh chur i dtreó le haghaidh gluaiseachta dhóibh. Acht anois bhí a lán do’n mhaidin caithte is gan tuairisg air.

Do friotháladh bord chum bídh is bhíodar na deóraidhthe ’na suidhe go céileamhail grianmhar ag caitheamh lóin na maidne, ’nuair d’airigheadh an sgread uaigneach, truaighmhéileach ar fuaid an tighe, “Milleadh! Léir-sgrios! A Mhuire, cad é mar fheall-bheirt! Tá sé marbh, marbh gan bhrígh, gan phreab! Dia linn, Dia linn!” Do thosnuigh an liúir chráidhte sin ’san suan-lios is do leath sé ó sheomra go seomra, ag dul i neart is i mbrónaighe. “Tá fear treasgartha, marbh i ndiaidh millteóra éigin!” B’shin é an sgéal do leath ó bhéal go béal. Níor fhan focal i mbéal na ndeoraidhthe le hiongnadh is le huamhain. Chuir an sgéal soin an oiread soin mearbhaill ortha nár iarr aon’ne cia hé do marbhadh ná ca’nad do marbhadh é. Acht i gcionn tamaill b’fhollus gur i seomra Mhic Uí Chaoimh do rinneadh an léir-sgrios, ⁊, fós, gur bh’é an fear do bhuail an chéad bhuille an oidhche roimhe soin do marbhadh. Do thuit amhras na feall-bheirte sin láithreach ar an gCaomhach, ní nár bh’iongnadh, óir ní raibh caidreamh ag na daoinibh eile air. Ar órdughadh fir an tighe do cuireadh go daingean i ngéibhinn é go bhfaghfaidhe tuilleadh eólais ar an ghníomh soin; is níor labhair sé gíog ’na gcoinnibh acht fanmhaint go socair fá ’na ghéimhealaibh. Ba mhian leó breith ar Dhomhnall leis is an ceangal céadna do chur air, acht ní raibh Domhnall le fagháil.

B’é an céadfadh coitcheann eatortha gur cheapadar ar aon an dúnmharbhadh is gur ar an ádhbhar soin do thug an Caomhach a sheómra féin do’n bhfear do milleadh i 48gcomhair na hoidhche. Agus, fós, adubhairt duine aca gur airigh sé féin an Caomhach ag dul suas an staighre i lár na hoidhche is ag osgailt dorais éigin, ní fheadair sé cia aca, ’san suan-lios. Do shíl mórán go raibh sé daor ar an bhfiadhnaise sin. Acht an fear eile cá raibh sé? Ba léir dóibh anois gur theich sé is dá mbeith fios ag an gCaomhach go raibh an gníomh le déanamh no déanta, níor deallramhach go bhfanfadh sé chomh socair sin ’san tigh is a chompánach ag rith leis féin. ’Nuair bhí caoi aige air, d’innis an Caomhach ar aithin sé do bheathaidh Dhomhnaill Duibh, is níor cheil go raibh droch-amhras aige féin air le déidheanaighe, ná cionnos do chuaidh sé féin chum a sheomra i lár na hoidhche is an buile bhí air. D’éisteadar go haireach le n-a chomhrádh; do bhí deallramh ar a sgéal, is do rinn’ a chneasdacht is a mhándacht a lán chum a shaoruighthe. Tar éis urlabhra an Chaomhaigh b’é an céadfadh coitcheann eatortha gur bh’é Domhnall do rinne an gníomh. Chreideadar go raibh sé chomh fiadhain, chomh dásachtach soin nár chóir aon iontaoibh do bheith as, is nár bhfios cia mharbhóchadh sé dá n-éireóchadh an buile dho. Níor leanadh Domhnall, mar is maith a bhí a fhios aca ná raibh aon chaoi beirthe air, bhí na daoine chomh mór soin i n-achrann i n-a chéile ins gach aon bhall. Do sgaoileadh géibheann an Chaomhaigh is d’ fhan sé ’na bhfochair an oidhche sin, is ar maidin do ghluais chum siubhail agus is é do chuir sé roimhe Domhnall do chosg ar chealgadh an Iarla dá mb’fhéidir.

Illustration from Cormac Ua Conaill: Sgéal bhaineas le hÉirge Amach agus díth-cheannadh Iarla na Deasmhumhan (A.D. 1579-1583)

49

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings