AN CEATHRAMHADH hALT DÉAG.
Reading edition
DEIREADH.
Ba dhoilbh é fuaim gotha Chormaich ag cantain an dáin sin go huaigneach i lár an roilige ’nuair a thagadh sé chum na bhfocal i n-ar fhógair sé ruagairt is lán-threasgairt ar na Gallaibh do sheasuigheadh sé, ’na lán-aoirde is do lasadh a ghnúis le dásacht is le neamh-spleáchas. Ní minic do casadh caoineadh le guth chomh dian, chom huaigneach soin.
Acht bhí an léir-fhaire is an dian-mhachtnamh soin ró-throm do Chormac agus tar éis an mharbhnaidh do chríochnughadh do tháinig garbh-ghuais neamh-chuibheasach air is do thuith sé i bhfantais ar an dtalamh. Do thóg a athair a bhaile é breóighte lag-bhríoghach, is do chuir i leabaidh é, is as an leabaidh sin níor éirigh sé riamh arís. Ba mhinic ag labhairt é ’na mhearbhall tinnis ar na neithibh tré n-ar ghabh sé, is níor b’fhéidir leis an rann rúnach úd thug Murchadh Liath dhó a chur as a cheann. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag iarraidh é do chraoibhsgaoileadh, is i gcomhnaidhe ag casamh daor-bhruide na hÉireann. Acht níor b’fhada uaidh an deireadh anois. Do leath an tinneas tré n-a chnámhaibh, is tré n-a bhallaibh go léir. Do tháinig gluthar an báis ’na bhrághaid is d’árduigh sé é féin ar a ghlúnaibh le garbh-ghuais. ’San dtreó soin do leath sé a lámha is dubhairt: “A Dhia, beir m’anam leat go flaitheas is saoruigh mo thír ó throm-bhruid. Ní raibh uaim acht an lá d’feicsint i n-a gcuirfidhe lán-ruagadh ar Ghallaibh tar tuinn; acht ó ’sé do naomh-thoil glaodhach orm roimh an aimsir sin, atáim sásda an 89saoghal d’fágáil. A Dhia, glac mé id’ chúirt go deó!” Iar rád na bhfocal soin dó do tháinig lagachar air, is thuit sé siar is d’éag gan mhaill. Do chuireadh le hais an Iarla é, agus is sámh é a gcodladh i gCill na Manach le trí chéad bliadhan.
Roinnt bliadhanta i ndiaidh na neithe seo do bhí mathshluagh cruinnighthe le hais carchair i Sagsana. Bhí fear le crochadh agus ba léir go raibh gráin ag an ngraisg sin air. Is iomdha fhear do mhairbh an méirleach soin agus anois b’éigin do díol as aon mharbhadh amháin. Do tógadh an groidhe-fhear soin amach idir a choimeadaidhe is ba dhuairc, ba dhoirbh a dhreach. D’féachadh sé mór-dtimcheall le crith-eagla mar a mbeith na mairbh dá taisbéanadh féin dó nó guth ó’n saoghal eile ag fógradh a chionnta dó. B’fhiadhain, neamh-thruaighmhéileach é sgread an mhathshluaigh sin ’nuair a thuit sé marbh os a g-comhair.
Ní féidir linn acht sgéal gairid do dhéanamh do shaoghal athar Chormaic ’na dhiaidh sin. Do chuir an blaiseadh soin fuair sé do chleasaibh na n-arm, is an muiníghin do bhí aige a cúis a thíre, misneach air chum dul tar lear óir ná raibh glaodhach ’san mbaile air. Do chuaidh sé go dtí an Sbáinn, is níor bhfada gur éirigh sé go hárd ’san arm le n-a chródhacht is le n-a chalmacht. Acht bhí a chroidhe ’na dhiaidh i nÉirinn, agus is iomdha iarracht do thug sé ar theacht tar n-ais le buidhin neartmhar Sbáinneach chum na n-eachtrainn do ruagadh as fearannaibh na Mumhan. Bhí buidhean ullamh chum teacht leis i bhfochair an tsluaigh do ceapadh d’ Aodh Ruadh Ua Domhnaill ’nuair do milleadh an curadh óirdhearc soin i mor-thuile a bheathadh le feall-bheart na nGall.
Do léigheadh sé go cíocrach na héachta dó rinneadh 90’san mbaile na dhiaidh sin is go mór-mhór na neithe do bhain leis na Gearaltachaibh. Ar uairibh do ritheadh ’na aigneadh an rann rúnach úd do thug Murchadh Liath an fáidh buile do Chormac fad ó shoin, is, lá, ’nuair chuala sé bás Iarla an tSúgáin is an chumha i n-ar rugadh air do luigh sé ar mhachtnamh ar an gcrích do bhí le muinntir an tsean-Iarla. Cionnus do hoileadh a mhac ’na Shagsanach is tugadh go hÉirinn é chum na daoine do chur i gcoinnibh Iarla an tSúgáin, cionnus do bhailigheadar na daoine timcheall air go bhfuaradar amach gurbh Sagsanach é, is gur iompuigheadar uaidh annsoin le fuath is le feirg, is cionnus do milleadh i Londain é, le claon-bheart na n-eachtrann ’nuair ná raibh maith le baint as a bheathaidh aca, do bheartuigh sé leis féin go raibh deallramh éigin ar an rann úd Mhurchadha Léith:
“Gaisgídheach óirdhearc leagtha le feall.”
B’é sin an sean-Iarla é féin.
“Oighreadh aithiseach taca na nGall.”
B’é sin a mhac do hoileadh na Shagsanach.
“Curadh ag a charaid ceangailte i bpoll.”
B’é sin Iarla an tSúgain ceangailte leis an gCuradh
Bhán i n-uaimh i n-a bhfuair se é.
“Críoch le treibh tar tuinn anall.”
CRÍOCH.