AN CÚIGEADH hALT.
Reading edition
AN DÚNMHARBHADH.
Ba chiúin chumhra an mhaidean í—mar is gnáth i ndiaidh anfaidh—i n-ar ghluais an Caomhach agus Domhnall chum siubhail. D’airigheadar gur theich an tIarla go Sliabh Mis, agus is é cheapadar dul ag triall air is dá mb’fhéidir congnamh éigin do thabhairt dó. Bhí a slighe i dtosach tré réidhibh sléibhe, is tré ruadhtaibh úra, boga; acht i gceann tamaill d’imthigheadar le fánaidh tré thalamh saidhbhir ’na raibh an féar rinn-árd, is gan duine chum a ghearrtha, ná bó ná capall chum a chraptha. Mór-dtimcheall bhí an fraoch loisgthe is na tighthe briste isteach is comharthaidhe áir is ghorta i gach aon bhall. Do thángadar go mbaile beag bhí go taisgithe i gclúid fá ghualainn sléibhe, acht ní raibh do dhaoinibh le feicsint lasmuigh acht fíor-bheagán, is ortha soin bhí drioch chomh dubhach, chomh doilbh sin gur dhóigh leat ná raibh focal ’na bpluic. Uatha soin d’airigh an bheirt go raibh an sgéal go dona tar barr ag an Iarla, gur thréig a cháirde é, is go raibh a bhuidhean go léir nach mór sgaipthe, gur bh’éigin dó dul i bhfolach, is nár bh’fhios cá raibh sé an tan soin. Dubhradh leó i n-’fhochair sin go raibh mór-chuid airgid tarraingthe ar a cheann, nár bh’fhéidir leis leanmhaint do’n chogadh feasda, is go raibh muinntir na Bainríoghna ag déanamh a gcroidhe-dhíchill chum greim do bhreith air beó nó marbh.
Níor bh’ionann an chuma inar thógadar araon an sgéal so. Do’n Chaomhach ba gheall le fógairt bháis é. Níor fhan preab misnighe na chroidhe. Bhí deireadh leis an muinighin 36sin as cúis a dhúthchais do mhúin Cormac dó. Do chuimhnigh sé láithreach ar Chormac, ar a fhéachaint fhearamhail i gcló leinbh, ar a dhian-mhachtnamh, ar a sholas-aigneadh—ar gach ar smuainigh sé, gach ar cheap sé—feasda gan tapa, gan bhrígh; ar Chormac anois go tréith le héagcruas, is slabhra na daoirse níos daingne ag brughadh is ag milleadh a dhúthchais dílis. Och! dá mbeith fios anois aige an treó bhí ar an Iarla bhocht, caidé mar a thuitfeadh sé i mbrón, cad iad na spioraid do thiocfadh air, cad iad na hosnaidhe do bainfidhe ó chroidhe as!
Dála Dhomhnaill níor bh’iad soin na smuainte do rith ’na aigneadh ar chloisint an sgéil sin dó. Is deimhin go raibh súil aige go mbuaidhfeadh cúis an Iarla fá dheireadh. B’fhada ag teicheadh ó’n dligheadh é, is dá mbuaidhfeadh an tIarla ní bhéadh baoghal air. Acht anois ó chuaidh an lá ar an Iarla ní raibh díon na tearmann aige roimh mhuinntir na Bainríoghna. ’Na theannta soin, do cruadhadh a chroidhe leis an fhuil do dhoirt sé i meadhón oidhche fhuar, dhorcha, le hais na srotha uaignighe úd i gConndae Chorcaigh. Ní raibh anois aon leisge air roimh ghniomharthaibh fola, is dá mbeith féin do chneasóchaidhe a chogubhas leis an airgead do bhí gealltha don té mharbhóchadh an tIarla, is níor bh’fhada an mhoill air ceapadh in a aigneadh ionad comhnaidhthe an Iarla d’fhagháil amach, is, dá mb’fhéidir, an ceann do bhaint de, is an mhór-chuid airgid sin do thuilleamh. Ar an ádhbhar soin d’oir sé dhó chomh maith is d’oir sé do’n Chaomhach fios do bheith aige ar áit fholuighthe an Iarla is dá mb’fhéidir bheith ’na rún.
Do bhí an Caomhach géar-chúiseach go leór is bhí eólas maith aige ar cúrsaidhibh an tsaoghail, is cé nár aithin sé go cinnte na smuainte bhí i n-aigneadh an fhir eile, do mhothuigh sé go raibh rud éigin ag déanamh buaidheartha 37dhó. Ó chomharthaibh beaga ná haireóchadh duine eile do bhrath sé go raibh rud éigin neamh-fhoghanta ar bun aige. Dála Dhomhnaill do bheartuigh sé gur léigh an Caomhach a mheón mar do léaghfá paipéar; agus is mar soin, gan iontaoibh aca as a chéile, do ghluaiseadar ortha. Níor bh’iongnadh gur theip a gcuid comhráidh ortha. Do thangadar i ndeireadh an tráthnóna soin go tigh ósda is do chuadhadar isteach i gcomhair na hoidhche, mar ní raibh anois eagla ortha roimh na daoinibh. Do shuidheadhar le hais na teineadh mar ba ghnáth do lucht siubhail; bhí a lán eile do dheóraidhthibh ann rómpa is do shuidheadar ’na measg.
Ní raibh focal as an athach; do thuit a chion do’n chainnt chum an Chaomhaigh; acht níor bhríoghmar ná aibigh do labhair, mar ba ghnáth leis. Bhí trácht eatortha ar an gcogadh do bhí anois geall le bheith críochnuighthe, is ar ráfla éigin d’airigheadh go déidheanach—go raibh na Spáinnigh ag teacht go cuantaibh an Daingin chum cabharuighthe leis an Iarla. Do labhair duine éigin ar ionad foluighthe an Iarla. “Ó mhaise, go gcabhruighidh Dia leis,” ar fear smutach teann ’san gcúinne, “cibé ball i n-a bhfuil sé. Ní bhéarthar go deó air, sin é mo thuairim. Táim deimhneach ná fuil fear ’san Mhumhain indiu do chealgfadh i lámhaibh a námhad é dá bhfaghadh sé na mílte púnt ar an mbeirt soin. Cionnos d’fhéadfadh aon’ne cuimhne ar an gcuradh aosda onórach soin do leagadh ar lár? Táim cinnte, dá mbeith fhios agam go raibh aon’ne chomh holc san ’san dúthaigh seo, go mallachtóchainn an phréamh as ar fhásamar go léir.” “Maith an buachaill,” ar fear caol dubh do shuidh ar an dtaobh thall do’n teinidh, “caidí an chainnt sin ort mar sin? Ná hinnis damh-sa é. Tá aithne mhaith agam-sa ort, a mhic mo chroidhe. Ní chealgfá-sa an tIarla, ní dhéanfá 38leis, a ropaire bhitheamhnaigh, ní dhéanfá! Tá a fhios agam. Do dhéanfá mhaise! Táim cinnte go ndíolfá an tIarla i mbárach ar luach na dighe!” “Do dhíolfainn? an ndíolfainn, mhaise? Cá’ bhfhios duit-se sin? Thugais do dhearg-éitheach; ní ceart ná cóir duit a léithéid sin d’ asmhuchán do chasadh liom.” “Is dóigh liom gur cirte dhuit éisteacht is a shár-fhios atá againn go léir cad do dhéanfá ar airgead.” “Tá a fhios agaibh, an bhfuil fhios?” ar an fear eile, dá bhualadh le buille dá dhorn do leag siar ar an urlár é, is do chuir a shrón ag tabhairt fola i gcaisibh.
As an ghníomh soin d’éirigh gleó eatortha i gcoitcheann, gach duine ag cabhrughadh le n-a mhuinntir féin. Dála an Chaomhaigh níor chabhruigh sé le haon taobh, acht ag iarraidh síothchána do dhéanamh eatortha. Acht níor mar soin do’n athach, do luigh sé ar bhriseadh is ar bhualadh is ar réabhadh mór-dtimcheall, is ag cabhrughadh gan sgáth leis an bhfear teann do bhuail an chéad bhuille, is ag ná raibh acht beagán chum a chosanta. Acht bhuaidh neart is lúth an athaigh ar a raibh ’na aghaidh; is ’nuair bhíodar go léir smachtuighthe aige rinneadh síothcháin eatortha is ní gan fuil do bheith dortuighthe is cnámha leóinte, ar gach taobh.
Chuir gníomhartha an athaigh an oidhche sin buaidheart mhór ar a chompánach. B’fhollus gur namhaid do’n Iarla do chosnaimh sé, is b’olc an comhartha air é; acht d’fhan sé go ciúin is do léig sé a chuid amhrais brughadh ar a chroidhe féin.
Níor chosg an bhruighean a gcuid muinntearais ar fad is tar éis síothcháin do dhéanamh luigheadar ar chainnt arís i gcuma gur dhóigh leat ná raibh focal eatortha riamh.
Bhí a lán do’n oidhche caithte ’nuair do thaisbeáin an 39fear ósda an suainlios dóibh. Do bhí seomra beag chum codalta ag gach duine. ’Nuair do taisbeáineadh a sheómra do Mhac Uí Chaoimh do bheartuigh sé go raibh an t-athach ag géar-infhiúchadh a ionaid suain is na háiteanna bhí le n’ais, acht níor léig sé air go bhfacaidh sé é, is do sgaradar go ciúin is go cneasda le chéile i gcomhair na hoidhche. Acht d’aithin Mac Uí Chaoimh ná raibh áit chodalta do na deóraidhthibh ar fad is gur bh’éigin do chuid aca suidhe cois na teineadh go maidin. Ar an ádhbhar soin tar éis tamaill, cad do rinne sé acht sleamhnughadh amach as a sheomra féin, is a rádh le duine dhíobh so bhí ag fanmhaint suas go mb’fheárr leis féin i bhfad suidhe cois na teineadh is go bhféadfadh seisean codladh ’na sheómra ’na ionad. D’aontuigh an fear eile go háthasach, agus is ciúin socair do rinne sé an seomra amach, is ó bhí tuirse ó’n mbruighin air is sámh an codladh do thuit ’na throm-néalaibh air gan maill.
Do luigh Domhnall Dubh ar a leabaidh, acht ní chum codalta é. Do mhachtnaimh is do chuimhnigh sé ar chéad ní do bhain leis an rud ba mheasa leis—cionnos do mharbhóchadh sé nó bhéarfadh sé ’na bheathaidh ar an Iarla? Níor bh’fuirisde an gníomh soin ar aon slighidh, acht anois bhí contabhairt roimhe nár mheabhruigh sé go dtí seo. Do bhrath sé go raibh droch-amhras cheana ag Mac Uí Chaoimh air, ⁊ tar éis beart na hoidhche seo b’follus gur léig sé a mheón. Dá n-éireochadh an Caomhach as a leabaidh ar maidin do ghnáth ní fheadair sé ná go n-iompóchadh sé air is mharbhóchadh sé é, nó go gcuirfeadh suas duine éigin eile chum a dhéanta. An n-éireóchadh sé ar maidin? Ba chontabharthach an gnó é, bhí an oiread soin daoine ’na thimcheall is do thuit sé amach leis an oiread soin an oidhche sin. Acht caithfear tabhairt fá’n 40obair sin. Do sheas an Caomhach ’na shlighidh; ba dubh-sgamall ar a sholas é; ba nimh a bheathadh é; caithfear cos do luighe air; dá n-imtheochadh sé slán as an dtigh sin is dá sroichfeadh sé ionad foluighthe an Iarla bhéadh deireadh le n-a ghnó. ’Na theannta soin do theastuigh airgead uaidh is do chonnaic sé an oidhche sin mórán airgid ag an gCaomhach ’nuair a ghlan sé leis an bhfear ósda. Níor bh’fhéidir dó a chomhairle a chur chum cinn gan airgead is caithfear airgead do sholáthar.
Ag dian-mhachtnamh mar soin dó, bhris amach a raibh fiadhain neamh-thruaighmhéileach i n-a aigneadh, is níor bh’fhada go raibh sé ceapuighthe aige an gníomh do dhéanamh. Do rug sé ar an sgian do bhí taisgthe i bhfolach ’na chuid éadaigh is lér dhoirt sé reachtaidhe fola go minic cheana i meadhón dubh dorcha na hoidhche le hais na srotha úd, mar nár bh’annamh do bhain sé a námhaid dá threóir. Bhí an sgian úd géar-fhaobhrach is lán-ullamh chum léirsgrios do dhéanamh. Ní tháinig léic ’na mheanmain ’nuair a thug sé fobha léi mar a bheadh sé ag sáthadh an Chaoimigh. Bhí ciúineas mór-dtimcheall; ní raibh splannc solais ar fuaid an tighe, do shleamhnuigh sé go socair ’san dubh-dhorchadas go dtáinig sé chum an tseomra bhí uaidh. Ní raibh baoghal dul amugha air, mar is cruinn do thug sé fá deara an doras is a raibh le n-’ais an oidhche sin. ’Nuair fuair sé amach an doras d’éist sé ar feadh tamaill gur airigh sé an té bhí istigh ag dian-shranntarnaigh. D’osgail sé an doras go ciúin is do chuaidh láithreach baill go dtí an leabaidh inar airigh sé an tsranntarnach; is le n-a thréan-neart, le fuinneamh, le dásacht, do sháthuigh sé an sgian tré chroidhe an té bhí ann, chomh tapa soin ná raibh uain aige músgailt, ná gearán ná ulfairt do chur as. Tar éis a sháithte do chorruigh fear na leapadh. Do 41thug sé cnead múchta truaighmhéileach is do chiúinigh a ghlór go deó.
D’ fhan an t-athach nóimeant nó dhó ’na dhiaidh sin ag taobh na leapan ag machtnamh leis féin. Do bheartuigh sé gur bh’fheárr an sgian fhuilmhear ghráineamhail sin d’fhágbháil ’san leabaidh ’na dhiaidh ar eagla go mbéadh sí mar fhiadhnaise ’na choinnibh lá éigin. Ann soin do chuarduigh sé éadach an mhairbh chum a chuid airgid d’fhagháil, acht, má chuarduigh, sin a raibh dhá bharr aige. Ní raibh réal ’na sparán. Is iomdha easgaine trom do leag sé ar cheann an mhairbh ’nuair a fuair sé a phóca folamh. ’Nuair bhí sé sásda go raibh sé marbh is ná raibh aon ní le fagháil dá bharr aige, d’fhill sé tar n-ais ag dúnadh an dorais ’na dhiaidh go haireach, is bhí láithreach ’na sheomra féin.
Do luigh sé ar an leabaidh, acht níor dhún súil leis. Cionnos d’fhéadfadh codladh a theacht ar dhuine láithreach tar éis a leithéid sin do sgrios do dhéanamh? Cionnos d’ fhéadfadh an inchinn do mheabhruigh bás gan trócaire d’ fhear do bhí ’na chodladh socrughadh i gcodladh sámh an oidhche chéadna? Ag luighe ann soin dó ’san dorchadas, do shíl sé gur airigh sé an chnead bháis sin do thugh an marbh tar éis na sgéine do dhul tríd. Bhí an chnead uaigneach úd ’na chluasaibh, is níor fhéad sé teicheadh uaidh. Fear dortuighthe fola do b’eadh é; bhí a chroidhe cruaidh, neamh-fhaitcheasach; acht níor bh’ionann an treó bhí an oidhche sin air is roimhe seo. Bhí anois ’na thimcheall buidhean d’fhuathaigh é, is cé go rabhadar ’na gcodladh an tan soin, ba ghearr go mbéadh siad go ró-aibidh ag baint sásaimh dhe. Do mharbh sé a chompánach is ba léir dó go mbéarfaidhe air chomh luath is d’ aireóchaidhe an gníomh soin, is ní raibh caoi dul as aige. Bhí bás ar chroich i ndán dó. 42Cad do dhéanfadh sé? Níor bh’ fhéidir teicheadh ’san oidhche, óir bhí na dóirse fíor-iadhta is gan dul ar an eochair aige; is dá dtiubhradh sé iarracht ar dhoras éigin do bhriseadh le cumas a lámh, do dhúiseóchadh sé an teach ar fad.
Ar na hádhbharaibh sin, cé cráidhte bhí sé ’na aigneadh le feitheamh, ’sí comhairle do cheap sé fanamhaint ’na leabaidh go maidin, is chomh luath is bhéadh aon’ne ag corraighe is doras éigin osgailte, dul amach go ciúin is go socair is teicheadh. Ba chontabharthach an iarracht í, acht ní raibh a mhalairt le déanamh aige. Bhí sé cinnte go gcreidfidhe gur bh’é do mhairbh a chompánach, is ná béadh an oiread is amhras an ghníomha soin ar aon eile. D’éaluigh se ó’n mbás go minic cheana, b’fhéidir go n-éalóchadh arís. Do mhéadhuigh sé an chontabhairt ar gach taobh ag luighe dhó gan suan gan suaimhneas ’na leabaidh.
Ag machtnamh mar sin dó is ag iarraidh na cruaidh-cheisteann do bheartuigh se ’na chomhair do réidhteach, do chrith sé le hanaithe is uamhain nuair d’osgladh an doras go socair, is tháinig duine éigin isteach go mall is go ciúin is ar éigin ag tarraing na hanála. Do shiubhail sé anonn go dtí an leaba. Dá mbeith an sgian áir úd anois ag Domhnall, is dóigh go bpreabfadh sé i gcoinnibh na námhad mar do preabadh ’na choinnibh féin cheana, acht ní raibh arm ar bith aige, bhí a lámha dearg tar éis an dúnmharbhtha is ní fheadair sé ná go bhfuaradh amach é is do chrith a chnámha le hanaithe an bháis, is do shéid fuar-allas ó n-a bhallaibh go léir. Do labhair an té tháinig isteach go cneasda is dubhairt: “A Dhomhnaill, an bhfuilir id’ chodladh?” Ní raibh dar ndóigh. Do shíl sé gur aithin sé an guth úd is tháinig tuilleadh anaithe air—b’é an guth céadna 43soin do chiúinigh sé uair do chlog ó shoin go bráth—an guth ná féadfadh sé cloisint go deó arís acht amháin i bhfíor-smuaineadh—is anois gan fíor-smuaineadh ar bith air. Níor fhreagair sé—ní fhéadfadh sé freagra le huamhain. Do glaodhadh arís air; is b’é an guth céadna do ghlaodhuigh is arís ar baill-chrith le heagla níor fhéad sé freagra.
Dála an fhir eile bhí iong nadh air gur chodail fear na leapadh chomh sámh soin. Is ó nár mhaith leis fothram do dhéanamh do las sé coinneal bhí na láimh is d’ fhéach Domhnall ar ghnúis an té bheartuigh sé marbh gan lúth, mar is é an Caomhach do bhí ann.
Tá innsint sgéil go leór ar an anaithe is ar na crithibh báis do chuireann radharc spioraid ar dhuine, cé gur spiorad éigin do thiocfadh ar theachdas neamh-dhíoghbhálach ó’n saoghal eile. Acht cia fheadfadh trácht ar an gcrith-eagla, ar an uamhain do bhéadh ar dhuine do chífeadh ós a chomhair gan mearbhall an fear do mhairbh sé féin uair do chlog ó shoin beó, lán-aibigh, ag labhairt leis is ag glaodhach ar a ainm? Is iomdha duine do bhain Domhnall dá threóir i meadhón dubh dhorcha na hoidhche; acht níor fhill aon’ne dhíobh riamh chum sásaimh do bhaint de ina thaobh soin. Níor fhan lúth ’na chnámhaibh le heagla. Do chruaidheadar is do chrapadar a bhaill, do séideadh an fuar-allas ’na thuile ó n-a chorp go léir. Do shuidh sé aniar ’san leabaidh is do bhéic sé go fiadhain cráidhte, “Glan as mo radharc! Imthigh, a shíobhra! Ní’l leigheas agam-sa ort—míle mío-chothrom ort! Imthigh! féach air—nach dúr dána é! Imthigh, clúdúigh thu féin i gcré! cad tá uait annso?” Ag sgreadadh mar sin dó tháinig sgeón ’na shuilíbh is fiadhantas neamh-ghnáthac ’na ghnúis.
Dála an Chaomhaigh is amhlaidh tháinig sé chum labhartha 44le n-a chompánach ar neithibh éigin do theasduigh uatha roimh imtheacht dóibh ar maidin; is bhí iongnadh a chroidhe air i dtaobh a bhfacaidh sé; mar níor thuig sé cúis an fhiadhantais sin do bhí ar Dhomhnall. Do rinne sé a dhícheall chum a chiúinighthe, acht ní raibh maitheas ’na ghlór, is amhlaidh bhí sé ag dul i n-olcas; is ó nár mhian leis an teach do tharraing ’na thimcheall, do mhúch sé an choinneal is d’fhág an seómra ag dúnadh an dorais ’na dhiaidh.
’Nuair bhi an Caomhach imthighthe, do bheartuigh Domhnall go raibh sé saor anois ó’n spiorad do tháinig chum sgannraidh do chur air, is chuir sin misneach éigin air, is cé ná raibh aon dul ar chodladh aige bhí breis suaimhnis air. Do shín sé é féin arís ag unfairt ’s ag dian-mhachtnamh. Dála an Chaomhaigh do shuidh sé lastíos cois na teineadh ag smuaineadh ar éachtaibh na hoidhche sin. Agus is mar sin bhí an bheirt chompánach ag faire tré íochtar mall na hoidhche is ag feitheamh go neamh-shuaimhneasach le breacadh an lae.

45