RADHARC IV.
Reading edition

ÁIT: Glas Neidhn—tigh chinn tuighe. UAIN: Meadhón oidhche.
[Coinneall ar lasadh i bhfuinneóig. MEÁIBLE ag fuagháil agus ag sileadh na ndeór. Sean-bhean (CÁIT DHUBH) ag crónán cois na teineadh.]
CÁIT DHUBH.—Tá faol-choin a’ faire ar áithibh na habhann; Tá’n triath úd ’s a aicme—an síolrach na ndeamhan!— Dá dtraochadh le Síográbh ár mbláth-fhear na lann. Béidh liughraigh i nUladh nuair cloisfear ar ball Gur leagadh an aicme le Síográbh na nGall; Béidh deóra ar ainnir mar leanbh le breall, Mar mealladh an ainnir le draoidheacht ’s le feall; Acht is tréith é an fear borb ó chúige na mbeann ’Gus an triúr i n-aice ’na gcorpaibh gan cheann.
[ESTAR ar láthair.]
ESTAR.—Cad do chloisim? Bádhbh ag cnámhdán. Cad do chím? Bean óg uaibhreach ag gol ’sa’ caoi mar tá a tighearna sa’ mhainreach.
[Caitheann MEÁIBLE uaithe an fhuagháil, nighean sí a lámha ’gus a súla, filleann sí a gruaig, agus buaileann uirthe féin brat liath.]
18
[Bualadh ag an ndoras. Fosglann ESTAR ⁊ umhluigheann. Ó NÉILL ar láthair. Umhluigheann do MHEÁIBLE agus pógann a lámh. Umhluigheann MÁGHNUS, CÚCHONNACHT agus ART di.]
CÁIT DHUBH.—Is é seo an Tighearna de Graé gan aon amhras. Fáilte is fiche romhat-sa, a thighearna áluinn chumasaigh. Is tusa rí na bhfear; is geal é do chneas agus is módhmharach í do shúil. Molaim óm’ chroidhe do bhean.
E.—A Cháit na teangan líomhtha leimhe, is é seo an Tighearna tréan Ó Néill Uladh.
CÁIT.—Ó! luighe na bhfód ort féin ⁊ ar do shliocht, a Thighearna dhuibh Thír Eoghain! Fág mo thigh go déaghair. Mo chreach chráidhte! gan Síográbh na mbéimeann mór annso anocht go ndéanfadh sé smior dod’ chnáimh.
[Cuireann ESTAR bos ar a béal. Ní fhéachann Ó NÉILL ar CHÁIT, acht caitheann sé sparán airgid ’na hucht.]
CÁIT.—Dar Rí na nDúl! is sáir-fhear é, An tighearna séimh i dtuaidh; Go raibh sonas ’s séan Gan gruaim gan léan Ar gach n-aon do thiocfadh uaidh.
[Druideann ESTAR, an triúr Gallóglach, agus CÁIT DHUBH as láthair.]
Ó NÉILL.—A Mheáible óig na gcochall mbán, cad é fáth an turais seo?
19MEÁIBLE.—Tá mo mháthair i Sasana, agus má iarras tusa mar athchuinge ar an bhFear-Ionaid mé leigean ar n-ais chúice tabharfaidh sé do ghuidhe dhuit.
Ó N.—Is mór é do dheabhadh ag fágaint na hÉireann d’ár ndóich.
M. [Ag cromadh ar ghol]—D’innis Estar duit an fáth, b’fhéidir?
Ó N.—A Mheáible Bagenal, ó’n lá úd do chuireas rinn mo rosc ort ag Meala Fuinnte is tusa amháin grádh mo chléibh. An nglacfair mo lámh ⁊ mo chroidhe?
M. [Go mánla]—Fearg mo dhearbhráthar liom! An áirigheas tú é sin? Ní leómhfainn é ar m’anam.
Ó N.—Leómhfair é má’s maith leat féin é. Má ghoilleann sé ar do dhearbhráthair, bíodh leis.
[Téidheann MEÁIBLE go dtí an fhuinneóg, sileann sí na deóir, filleann sí ar n-ais, buaileann sí a ceann ar chuislinn UÍ NÉILL, ⁊ pógann seisean a gruadh.]
Ó N.—Ní éalóchair liom, acht béarfad liom thú láithreach bonn.
M.—Mo chlú?
Ó N.—Do chlú ar mo choimirc-se. Tá easbog ins an tigh.
[Buaileann Ó NÉILL cluigín. CÁIT DHUBH ar láthair.]
Ó N.—A Mhághnuis Uí Dhomhnaill!
[MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART ar láthair, agus an tEasbog SEÓNSACH.]
20SEÓNSACH.—A bhean-uasal óg, an nglacann tú Iarla Thír Eoghain? A Iarla Thír Eoghain, an nglacann tusa an bhean-uasal Meáible Bagenal? Tagaidh liom go seomra eile mar a bhfuil altóir gléasda.
[Amhrán go bhfillidh an lánamhna.
[An lánamhna ⁊ a gcuideachta ar láthair arís d’éis an phósda.]
MÁGHNUS, CÚCHONNACHT, agus ART:
Go mairir do bhean, a Uí Néill!
Go mairir eisean, a bhaintighearna!
Go raibh an rathamhnas oraibh araon,
Agus sliocht agus séan ó’n dTighearna!
[Bualadh ag an ndoras. Fosglann CÁIT DHUBH.
[Fear ar láthair ag cur alluis de.]
An FEAR.—Tá fhios ag cách go bhfuil Ó Néill annso—táthar ar bhur dtí. Féachaidh amach!—tá soillse ar Mhachaire Lífe. Tá Sasanaigh ann; beidhfear ar bhur dtóir láithreach.
Ó NÉILL.—Suidhidh go socair, a cháirdí. Tá bean nuadh-phósta Aodh Uí Néill annso, ⁊ mo thruagh an dream do chuirfeadh ’na gceann baint léi.
MÁGH., CÚ., ART.—Hup—hurú—ú! Ó Néill abú!
CÚC.—Tóg leat an sgéal sain, a fhir dheórata. Tá Ó Néill Uladh annso gan beann ortha.
[Tugann MÁGHNUS dualgus do’n Fhear. Imthigheann an Fear.]
21MÁGH.—Má tá fíon agat, a bhean tighe, ólfamuid sláinte na lánamhan.
CÁIT.—Tá ⁊ fáilte. Leig dom faluing Uí Néill do phógadh ⁊ mala bhaintighearna Uí Néill.
[D’óladar sláinte, le “Hup—hurú—ú!”]
Ó N.—Gléasaidh na capaill. Tá an bhainis agus an fleadh a’ fuaradh i dTulach Óg.
BEAN UÍ NÉILL.—Má’s cóir dom labhairt lem’ Thighearna mór Thír Eoghain, tá Síográbh thuas ar Áth na Bóinne. Tá feall ’na chroidhe, ’gus cruimh ’na shróin, ’gus dhá fhear dhéag aige siúd rómhainn-ne.
Ó NÉILL.—Cad é ar mbeann Ar bhodach teann, ’S a dhaosgar sluagh ar bealach rómhainn-ne? Ní chloisfir ann An claidheamh ná an lann, Ní fhuil samhail na namhaid ar Áth na Bóinne.

22