← Table of contents
Maidean i mBéarra agus dánta eile

RÉIMHSGÉAL

Reading edition

Nuair a chuireann duine a chuid sgríbhinní le chéile chun leabhair bhig a dhéanamh díobh, is gnáth leis a rádh gurab iad a charaid is freagarthach leis an leabhar, mar gurab iad do ghríosuigh chuige sin é. Is dócha ná bíonn sa chaint sin uaireanta acht camaflás, ach bíodh san mar atá sé, ní fhéadaim-se cuimhneamh ar a mhalairt de leathsgéal anois. Na dánta atá cruinnighthe annso, tá a bhformhór fé chló le tamall maith, cuid aca le breis agus fiche bliadhain.

Tá roinnt aithriseóireachta ’na measg—agus ná beireadh an léightheóir leis gurab ionann aithriseóireacht agus recitation, mar ní headh. An dán do cumadh mar aithris ar chaint an Ghall-Ghaedhilgeóra, ní abraim ná gurab é an dán is measa dár cumadh riamh é. Níl blas ná ceart ann. Na focail, suidheamh na bhfocal, na fuaimeanna, an aiste, taid go léir bun os cionn leis an nGaedhilg. Ach is beag tuathal sa dán san ná feicfidhe a leithéid annso ’s annsúd i sgríbhinníbh éigin tá cúig bliadhna déag ó shin ann, nuair do céad-chuireadh an aithris i gcló. Ní raibh uaim ach adhbhar suilt, agus ní rabhas a’ gabháil ar aon sgríbhneóir fé leith. Dar ndó dob olc an mhaise do dhuine bheith a’ magadh fé lucht foghlamtha na Gaedhilge toisg gan í bheith aca go blasta, ach cad chuige dhóibh bheith a’ ceapadh dánta, mar ’dheadh? Má tá éinne ann anois agus a leithéid sin de dhroch-Ghaedilg dá sgrí aige—agus dá cur i gcló—ní mise sgéifidh air.

Is fuiriste aithris a dhéanamh ar chaint bhriste, ach bhí de dhánaidheacht ionnam an uair sin tabhairt fé chaint Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin. Do cheap Gaedheal i Lonndain freagra i bpearsain ‘Gharsúin an Chéad Leabhair,’ dá rádh gur do féin d’oir casóg agus béabhar Eoghain. Tá éileamh an ghársúin le fagháil i mBanba. I bhfreagra air sin do cheapas-sa Freagra Eoghain Ruaidh ar an nGarsún.

CRÁDH CROIDHE ÉIGEAS.

9

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings