← Table of contents
Maidean i mBéarra agus dánta eile

CAOINEADH EILE AR PHÁDRAIG Ó LAOGHAIRE

Reading edition

Múchta ar loisne, Mumha is lom,

an t-ég do ghoid ar ngradam,

gile is greann do chuir ar gcúl,

do ghearr ar mbile mbarrúr.

Searc na suadh, do chaill anois

a dhúthracht ndéin ’s a dhíoghrais,

gloine a thobair iúil go n-aoibh,

mar chlogaibh ciúil i gcnúchraoibh.

Tugais, a chara gan cheilg,

gean do chroidhe don Ghaoidheilg;

gan mhustar do dháilis di

gustal láinfhis do líne.

Brónach Bérra na mbeann maol,

do chaill míonbhláth a mhaccaomh,

gan tuir, gan chabhair, gan cheann—

a shamhail cuin do-chífeam?

MÚCHTA.

13

Explore with AITake your curiosity a little further.

Reading settings